Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Dhá thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh cláraithe ag an gCoimisiún

New initiative registered

An 19 Meitheamh chinn an Coimisiún Eorpach dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh a chlárú.

Leis an tionscnamh Air-Quotas, iarrtar go mbunófaí sásra cuóta carbóin na saoránach i ngach tír, rud a spreagfadh gnólachtaí chun dícharbónú a dhéanamh trí éileamh na dtomhaltóirí. Measann na heagraithe gur cheart gach ceannachán earraí agus seirbhísí a chumhdach leis an sásra nua sin, ag tosú le hearnáil an aeriompair. 

Iarrtar leis an tionscnamh Stop Destroying Videogames’ [Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh] go dtabharfaí isteach ceanglas d’fhoilsitheoirí físchluichí san Aontas na cluichí sin a fhágáil i staid fheidhmiúil (so-imeartha), ionas go gcuirfear cosc ar fhíschluichí a dhíchumasú go cianda.

Is iad na tionscnaimh sin an séú agus an seachtú tionscnamh a cláraíodh in 2024. Tá sé mhí ag na heagraithe anois chun bailiúchán na sínithe a oscailt. 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?