Is é an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a chomhpháirtithe a eagróidh eagrán 2022 de Lá an Tionscnaimh ó na Saoránaigh, agus díreofar an lá sin ar an téama ‘An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh 10 mbliana ar aghaidh: réidh don todhchaí?’ Freastalóidh Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht, Dubravka Šuica air.
Mar chuid den ócáid, eagróidh an Coimisiún Eorpach ceardlann maidir leis an Lárchóras Bailithe Ar Líne le tacaíocht ó Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Tá sé mar aidhm leis freisin aiseolas a bhailiú ó úsáideoirí agus ó pháirtithe leasmhara chun feabhas leanúnach a chur ar an gcóras.
Ócáid hibrideach a bheidh ann, agus beidh daoine rannpháirteach sa Bhruiséil nó ar líne. Is féidir clárú go dtí an 25 Bealtaine
