Beidh an deichiú heagrán de Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar siúl ar líne an 3 agus an 4 Meitheamh. Is é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a eagraíonn an lá i gcomhar le páirtithe leasmhara institiúideacha agus na sochaí sibhialta.
Déardaoin an 3 Meitheamh beidh lá iomlán díospóireachtaí ann maidir le hionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh lena ndíreofar ar na gnéithe atá tábhachtach chun go mbeidh an Tionscnamh níos láidre agus chun treisiú a dhéanamh ar an daonlathas rannpháirtíochta ar leibhéal an Aontais.
Mar chuid den chlár freisin, reáchtálfar ceardlanna a bheidh dírithe ar eagraithe tionscnamh agus is éard a chlúdófar iontu ábhair ar nós feachtasaíocht ar líne agus tiomsú airgid.
An 4 Meitheamh tabharfar deis d’eagraithe na dtionscnamh atá ar siúl faoi láthair a dtionscnaimh a chur i láthair.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin gclár, na haíonna agus na ceardlanna, féach leathanach gréasáin an imeachta, a dhéantar a nuashonrú go tráthrialta. Cláraigh faoin 30 Bealtaine!
