Ón lá inniu ar aghaidh, is féidir le muintir na hEorpa a bheith muiníneach go gcomhlíonann caighdeán an uisce a ólann siad na caighdeáin is airde, de réir mar atá ceanglais nua ón Treoir Athbhreithnithe maidir le hUisce Óil ag teacht i réim ar fud an Aontais. Freagra atá san athbhreithniú sin ar an gcéad tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh riamh ar éirigh leis dar teideal ‘Right2Water’. Bhailigh an tionscnamh sin 1.6 milliún síniú chun tacú le rochtain ar uisce óil sábháilte a fheabhsú do gach duine san Eoraip.
