Tá an ceathrú heagrán den tsraith podchraoltaí faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, CitizenCentral, díreach eisithe agus is féidir éisteacht leis ar Apple Podcasts, Spotify, Google Podcasts agus SoundCloud.
San eagrán seo, a bhaineann le cearta bunúsacha agus sóisialta, is iad na Tionscnaimh leantacha Eorpacha ó na Saoránaigh a ndéantar plé orthu ná Tionscnamh de chuid na sochaí sibhialta maidir le toirmeasc ar chleachtais ollfhaireachais bhithmhéadraigh agus Bunioncam Neamhchoinníollach (UBI) a thabhairt isteach ar fud an Aontais. Féadfaidh tú freisin éisteacht le speisialtóir i réimse na heitice agus na gcearta teicneolaíochta, le hiriseoir iniúchta agus le saineolaí ar Thodhchaí na hOibre.
