Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seisiúin eolais faoin Tionscnamh ó na Saoránaigh in ollscoileanna Eorpacha

Le linn Bhliain Eorpach na hÓige déanfaidh Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh teagmháil le daoine óga san Eoraip!

In earrach 2022 míneoidh Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh bunghnéithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus na deiseanna atá á gcur ar fáil ag an bhFóram. Cuirfear na chéad seisiúin ar fáil do mhic léinn in Ollscoil Babes-Bolyai (an Rómáin), in Ollscoil Wrocław (an Pholainn), in Ollscoil Leiden (an Ísiltír), agus in Ollscoil Lusófona (an Phortaingéil).

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?