Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Éist leis na heagráin is déanaí de phodchraoladh CitizenCentral!

Podcast

In 2022 beidh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh 10 mbliana ar an bhfód, agus san eagrán ‘TES@10: tionscnaimh nua agus cuimhní cinn’ de phodchraoladh CitizenCentral, féadfaidh tú bualadh le heagraithe ón am atá caite, ón am i láthair agus eagraithe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. I measc na n-eagraithe sin tá Simona Pronckutė, an Dr. Julia Baines and Virginia Fiume, iad ag déanamh ionadaíocht do ‘Fraternité 2020 – Mobility. Progress. Europe. [Fraternité 2020 – Soghluaisteacht. Dul chun cinn. An Eoraip]’, ‘Save Cruelty Free Cosmetics [Cosmaidí saor ó chruálacht a shábháil]’ agus ‘Stop Global Warming – a price for carbon to fight climate change [Cuir deireadh leis an téamh domhanda – praghas ar charbón chun an t-athrú aeráide a chomhrac’.

Mar chuid den eagrán faoi ‘Vacsaíní agus cóipcheart – cuir aithne ar na hEorpaigh atá ag troid chun go ndéanfar athruithe ar bheartais an Aontais’, cuirtear i dtábhacht na tionscnaimh ‘Freedom to Share [Saoirse Roinnte]’ agus ‘Right to Cure [An ceart chun leighis ar ghalar]’ agus tá speisialtóirí ar chearta maoine intleachtúla rannpháirteach ann freisin. 

Éist le CitizenCentral (i mBéarla amháin) atá ar fáil ar Apple PodcastsSpotifyGoogle Podcasts agus SoundCloud.

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?