Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Feidhmiúlachtaí nua sa Lárchóras Bailithe ar Líne de chuid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

IT developments

Eisíodh leagan nua d’fheidhmchlár an Lárchórais Bailithe ar Líne de chuid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le déanaí. Tá leagan úrnua den mhodúl slándála EU Captcha ann (lena seiceáiltear an duine daonna é an t-úsáideoir). Is modúl foinse-oscailte ilteangach é sin atá go hiomlán i gcomhréir le RGCS.
Ina theannta sin cuireann an Lárchóras Bailithe ar Líne nua staitisticí mionsonraithe ar fáil d’eagraithe na dtionscnamh maidir leis an úsáid a bhaintear as an gcóras chun sínithe a bhailiú. Is é an Lárchóras Bailithe ar Líne atá á úsáid ag an gcuid is mó de na tionscnaimh atá oscailte cheana, agus beidh sé de cheangal ar gach tionscnamh nua a chlárófar ón 1 Eanáir 2023 úsáid a bhaint as.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?