An 16 Márta 2022 chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Fur Free Europe’ (‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’). Leis an tionscnamh iarrtar ar an gCoimisiún toirmeasc a thabhairt isteach ar fud an Aontais maidir le hainmhithe a choinneáil agus a mharú chun fionnadh a tháirgeadh, sin agus chun an toirmeasc céanna a thabhairt isteach i dtaca le fionnadh agus táirgí ina bhfuil fionnadh den sórt sin a chur ar mhargadh an Aontais.
Is é seo an dara tionscnamh a cláraíodh in 2022. Tá sé mhí anois ag na heagraithe an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.
Foinse