An 16 Lúnasa chláraigh an Coimisiún Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal Cultúr, oideachas, teanga agus traidisiúin na hÚcráine a chaomhnú agus a fhorbairt i mBallstáit an Aontais. Iarrtar leis ar an gCoimisiún dlús a chur lena ghníomhaíochtaí chun tacú le dídeanaithe ón Úcráin a imeascadh san Aontas.
Is é seo an seachtú tionscnamh a cláraíodh in 2023. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an dáta a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.
