Tá an Coimisiún tar éis tionscnamh nua ó na saoránaigh a chlárú, ‘CuirnaPlaistigharAis’ [ReturnthePlastics’]: Tionscnamh ó na saoránaigh chun córas éarlaise uile-Aontais a chur chun feidhme le buidéil phlaisteacha a athchúrsáil.
Eagraithe ‘ReturnthePlastics’: Leis an tionscnamh ó na saoránaigh chun córas éarlaise uile-Aontais a chur chun feidhme le buidéil phlaisteacha a athchúrsáil’, iarrtar ar an gCoimisiún togra a chur i láthair chun:
- córas éarlaise uile-Aontais a chur chun feidhme le buidéil phlaisteacha a athchúrsáil,
- na Ballstáit go léir a spreagadh chun a chinntiú go ndéanann ollmhargaí (nó slabhraí ollmhargaí) a dhíolann buidéil phlaisteacha meaisíní bailithe buidéal a shuiteáil chun na buidéil atá ceannaithe agus úsáidte ag tomhaltóirí a athchúrsáil, agus
- tabhairt ar na cuideachtaí a tháirgeann buidéil phlaisteacha cáin ar phlaisteach a íoc le haghaidh athchúrsáil agus córas éarlaise na mbuidéal plaisteach (de réir an phrionsabail gur cheart gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as).
Seo an seachtú tionscnamh a cláraíodh in 2021.
Foinse
