An 11 Iúil, chinn an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chlárú dar teideal Cáin a ghearradh ar shaibhreas mór chun an t-aistriú éiceolaíoch agus sóisialta a mhaoiniú. Is tionscnamh é a iarrann ar an gCoimisiún cáin Eorpach ar shaibhreas mór a bhunú le leas an aistrithe éiceolaíoch agus shóisialta.
Is é seo an séú tionscnamh a cláraíodh in 2023. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.
