An 2 Feabhra 2022 chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Win It On The Pitch’ [An Bua ar Pháirc na hImeartha]. Iarrann eagraithe an tionscnaimh ar an gCoimisiún samhail Eorpach an spóirt a chosaint, ar samhail í atá bunaithe ar luachanna, ar an dlúthpháirtíocht, ar an inbhuanaitheacht agus ar an iomaíocht oscailte.
Is é sin an chéad tionscnamh a cláraíodh in 2022 agus an 17ú tionscnamh ó tháinig na rialacha nua maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020. Tá sé mhí anois ag na heagraithe an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.
Foinse
