Reáchtálfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an séú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis, is é sin ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’, an 15 Aibreán ó 9.00 go 12.00. I ngeall ar shrianta COVID-19 atá ann faoi láthair, reáchtálfar an cruinniú ó chian le láithreacht fhisiceach theoranta sa seomra, ach déanfar é a shruthú ina iomláine ar líne don phobal.
