Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Sínigh nó tosaigh tionscnamh

Is deis ar leith duitse an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun cuidiú a thabhairt an tAontas Eorpach a mhúnlú trí thathant ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua a mholadh. Ar 1 mhilliún síniú a bheith bailithe le haghaidh tionscnaimh, cinnfidh an Coimisiún cé na bearta is gá a dhéanamh. Féach conas a n-oibríonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, céim ar chéim

Má smaoiníonn tú ar thionscnamh a thosú, téigh i gcomhairle le Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun comhairle dlí agus phraiticiúil a fháil.

An scéala is déanaí

Logo composed of the EU flag with graphic elements and the words European Econoomic and Social Committee
  • 14/01/2026
Díospóireacht faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Mo ghuth, mo rogha’ i seisiún iomlánach CESE

Beidh díospóireacht ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) faoin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis dar teideal ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le Ginmhilleadh Sábháilte Inrochtana’ ag an seisiún iomlánach a bheidh ann Dé Céadaoin, an 21 Eanáir 2026. Baineann an díospóireacht le glacadh na tuairime ó CESE maidir leis an tionscnamh seo.

Tá sruthú gréasáin ar fáil.

New initiative registered
  • 05/01/2026
Tionscnamh nua cláraithe: ‘Eitic, Trédhearcacht agus Sláine do Pháirtithe Polaitiúla Eorpacha’

An 5 Eanáir chláraigh an Coimisiún Eorpach tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Eitic, Trédhearcacht agus Sláine do Pháirtithe Polaitiúla Eorpacha’.

Leis an tionscnamh, iarrtar ar an gCoimisiún ‘samhail Eorpach de rialachas eiticiúil a cheapadh bunaithe ar thrédhearcacht, ar shláine agus ar fhreagracht chomhroinnte’. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh chun bailiúchán na sínithe a oscailt.

Is é seo an chéad tionscnamh a cláraíodh in 2026, agus an 125ú ceann ó bhí 2012 ann.

A group of people in front of the EU flag
  • 12/12/2025
Fáilte curtha ag an gCoimisiún Eorpach roimh eagraithe an 13ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis

I gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tugadh an deis d’eagraithe ‘Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach’ cuspóirí a dtionscnaimh a mhíniú go mion. Chuir an Coimisinéir um Chomhionannas, Hadja Lahbib, agus oifigigh an Choimisiúin Eorpaigh fáilte rompu an 12 Nollaig 2025.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?