Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach

  • 13 Bealtaine 2026

Cuireadh an tionscnamh dar teideal ‘Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach’ faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh an 17 Samhain 2025 tar éis dó 1,128,063 ráiteas tacaíochta bhailí a fháil. Féach an Nuacht ón gCoimisiún Eorpach.

An 12 Nollaig 2025 chuir eagraithe an tionscnaimh cuspóirí a dtionscnaimh i láthair i gcruinniú leis an gCoimisinéir Lahbib agus le hoifigigh an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Féach na grianghraif

Cuireadh an tionscnamh sin i láthair freisin ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 2 Márta 2026, i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Le linn na héisteachta, chuir na heagraithe sonraí ar fáil faoina gcuspóirí agus bhí malartú tuairimí ann idir Feisirí Pharlaimint na hEorpa maidir leis an tionscnamh. Féach ar an taifeadadh den éisteacht phoiblí nó léigh an phreaseisiúint.

Bhí díospóireacht ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an tionscnamh sin ag an seisiún iomlánach a bhí aici an 25 Márta 2026. Féach ar an taifeadadh.

Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 13 Bealtaine 2026 inar leagadh amach a fhreagra ar an tionscnamh. Féach an phreaseisiúint ón gCoimisiún agus na ráitis ón gCoimisinéir Lahbib maidir leis an bhfreagra ón gCoimisiún.

 

front page of the factsheet explaining the Ban Conversion Practices ECI and the reply to it
  • Foilseacháin Ghinearálta
  • 13 Bealtaine 2026
'Ban on conversion practices in the European Union' factsheet

Freagra ón gCoimisiún Eorpach

Príomhchonclúidí na Teachtaireachta:

Sa fhreagra ón gCoimisiún, d’fhógair sé go bhfuil sé beartaithe aige Moladh ón gCoimisiún a ghlacadh, lena n-iarrtar ar Bhallstáit an Aontais cleachtais tiontúcháin a chosc.

Glacfaidh an Coimisiún a Mholadh in 2027. Geallfaidh sé go dtacóidh sé leis na tíortha agus iad ag iarraidh na cleachtais dhíobhálacha sin a chosc. Molfaidh an Coimisiún bearta comhlántacha freisin. 

Beidh an Moladh bunaithe ar an méid seo a leanas: 

• idirphlé struchtúrtha leis na Ballstáit tríd an nGrúpa Saineolaithe um chomhionannas LGBTIQ+ agus ar dhea-chleachtais ó na Ballstáit sin a bhfuil cosc i bhfeidhm acu cheana féin; 

• Fóram Beartais LGBTIQ+ nua agus rannpháirteachas leis an tsochaí shibhialta; 

• an grinnstaidéar leanúnach ar chleachtas tiontúcháin.

 

Footer banner
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?