Cuireadh an tionscnamh ó na saoránaigh ‘End the Cage Age’ faoi bhráid an Choimisiúin inniu le haghaidh a scrúduithe tar éis do na heagraithe nach mór 1.4 milliún (1,397,113) ráiteas tacaíochta bailí a bhailiú ó gach cearn den Aontas.
Buailfidh na heagraithe le lucht an Choimisiúin go luath. Eagróidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí ina dhiaidh sin. Tá suas le 6 mhí ag an gCoimisiún chun freagra foirmiúil a ghlacadh.
