An 21 Márta 2024, tugadh aitheantas do bhuaiteoirí chomórtas ‘ImagineEU’ do dhaltaí meánscoile ag searmanas bronnta i gceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil. Glacann na trí fhoireann bhuaiteacha ón bhFrainc, ón Iodáil agus ón Rómáin páirt i gcuairt staidéir trí lá ar na hinstitiúidí Eorpacha. Cuireann comórtas físeán ImagineEU le coincheap an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus is é is aidhm dó saoránaigh óga a chumhachtú chun ról gníomhach a ghlacadh maidir le tionchar a imirt ar bheartais an Aontais. Leis an gcomórtas, iarradh ar mhic léinn idir 16–18 mbliana d’aois ó gach cearn den Aontas físeáin ghearra a chruthú agus a chomhroinnt ina gcuirfear i láthair a smaointe maidir le hathruithe ar an leibhéal Eorpach a d’fhéadfadh feabhas a chur ar cháilíocht saoil ina bpobail. Féach ar na físeáin bhuaiteacha.
