Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Ceithre thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh cláraithe ag an gCoimisiún

New initiative registered

An 8 Samhain 2023, chláraigh an Coimisiún ceithre thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh, dar teideal: ‘Eolas Fíor-ama ag Stadanna Bus an Aontais Eorpaigh’, ‘Iontaoibh agus Saoirse’, “Is Eorpach mé” agus ‘Údarás Eorpach Comhshaoil a Chruthú’.

Leis an tionscnamh ‘Eolas Fíor-ama ag Stadanna Bus an Aontais Eorpaigh’, iarrtar go ndéanfaí cóid QR a chomhtháthú ag stadanna bus ar fud Bhallstáit an Aontais chun go mbeidh paisinéirí in ann rochtain a fháil ar eolas fíor-ama.

Leis an tionscnamh ‘Iontaoibh agus Saoirse’, iarrtar bearta maidir le toiliú eolasach, dínit an duine, saoirse agus neamhspleáchas coirp. Tagraíonn sé go háirithe don cheart chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le roghanna cúraim sláinte agus cóireála.

 Is é is aidhm don tionscnamh ‘“Is Eorpach mé”: tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun do Shaoránacht Náisiúnta agus Eorpach a Nascadh le chéile’ an ceart chun oideachais a thabhairt isteach maidir le saoránacht Eorpach, cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta, agus tacú leis an méid sin trí shraith ceanglas.

Leis an tionscnamh ‘Údarás Eorpach Comhshaoil a Chruthú’, iarrtar go mbunófaí Údarás Eorpach Comhshaoil, a mbeidh sé de chumhacht aige cinntí riaracháin ceangailteacha a eisiúint, monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tionchar acu ar an gcomhshaol agus smachtbhannaí a eisiúint maidir le truailliú an chomhshaoil.

Leis na 4 thionscnamh nua sin, méadaíonn líon na dtionscnamh a cláraíodh in 2023 go 11. Tá sé mhí ag eagraithe na dtionscnamh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?