Cuireadh gnéithe nua le déanaí leis an Lárchóras Bailithe ar Líne chun feabhas a chur ar a fheidhmiúlacht d’eagraithe thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: anois tá níos mó roghanna formáidithe ag teachtaireachtaí do na meáin shóisialta agus is féidir lógónna na dtionscnamh a thaispeáint i dteachtaireachtaí Facebook. Féadfaidh na heagraithe na méadrachtaí is déanaí a íoslódáil go héasca, teacht ar aiseolas ó úsáideoirí sna bunteangacha mar a chuir na saoránaigh ar fáil é agus tá treoir níos fearr ann do shaoránaigh a chuireann isteach an cód poist mícheart.
Thairis sin, leis an aiseolas a chomhroinneann daoine a thacaíonn leis na tionscnaimh ar chumas an Choimisiúin feabhsuithe eile a ullmhú amach anseo. Is é an Lárchóras Bailithe ar Líne atá á úsáid ag an gcuid is mó de na tionscnaimh atá oscailte cheana, agus beidh sé de cheangal ar gach tionscnamh nua a chlárófar ón 1 Eanáir 2023 úsáid a bhaint as.
