Eisíodh leagan nua den chóras bailithe ar líne inniu, rud a úsáideann na TESanna aonair chun sínithe a bhailiú ar líne. Cuireann sé comhéadan níos so-úsáidte agus níos sláine ar fáil, agus é oiriúnaithe ar dhóigh níos fearr lena úsáid ar ghuthán cliste.
Tá an eisiúint nua ina cuid d’iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh feabhas leanúnach a chur ar an gcóras bailithe ar líne a chuirtear ar fáil saor in aisce do gach Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
Féach leat an chuma agus an dreach atá ar an gcomhéadan le haghaidh aon cheann de na tionscnaimh atá ag bailiú sínithe faoi láthair.
