Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

Initiative answered (successful)
  • 25/07/2023

Freagra tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an tionscnamh ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe’

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe’, an naoú tionscnamh ar éirigh leis agus ar thacaigh bhreis agus 1 mhilliún saoránach ar fud an Aontais leis. Bhailigh an tionscnamh breis agus 1.2 milliún síniú bailí in 21 Bhallstát.

Léigh an teachtaireacht ón gCoimisiún.

Fur Free Europe logo
  • 20/07/2023

Cruinniú idir an Coimisiún Eorpach agus eagraithe an tionscnaimh ‘Fur Free Europe’ (‘An Eoraip saor ó Fhionnadh’)

An 20 Iúil 2023, bhuail eagraithe an deichiú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar éirigh leis, ‘Fur Free Europe’ (‘An Eoraip saor ó Fhionnadh’), le Vera Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar Luachanna agus Trédhearcacht, agus le Stella Kyriakides, an Coimisinéir Eorpach um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia, chun cuspóirí a dtionscnaimh a chur i láthair ar bhealach níos doimhne. 

New initiative registered
  • 11/07/2023

Tionscnamh nua cláraithe: ‘Cáin a ghearradh ar shaibhreas mór chun an t-aistriú éiceolaíoch agus sóisialta a mhaoiniú’

An 11 Iúil, chinn an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chlárú dar teideal Cáin a ghearradh ar shaibhreas mór chun an t-aistriú éiceolaíoch agus sóisialta a mhaoiniú. Is tionscnamh é a iarrann ar an gCoimisiún cáin Eorpach ar shaibhreas mór a bhunú le leas an aistrithe éiceolaíoch agus shóisialta.

Is é seo an séú tionscnamh a cláraíodh in 2023. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.

Initiative answered (successful)
  • 05/07/2023

Freagra tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an tionscnamh ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh – Cuirtear deireadh leis an trádáil’, an t-ochtú tionscnamh ar éirigh leis agus ar thacaigh bhreis agus 1 mhilliún saoránach ar fud an Aontais leis.

Léigh an teachtaireacht ón gCoimisiún.

European Parliament
  • 04/07/2023

Díospóireacht ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha’ i seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa, an 10 Iúil 2023

Beidh díospóireacht ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa faoin naoú tionscnamh rathúil ó na saoránaigh dar teideal ‘Sábháiltear cosmaidí neamhchruálacha – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe’ sa seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg, tráthnóna Dé Luain an 10 Iúil.

Beidh an seisiún iomlánach á shruthú ar an ngréasán agus á thaifeadadh.

Podcast
  • 30/06/2023

Éist leis an eipeasóid nua de phodchraoladh CitizenCentral!

San eipeasóid nua de phodchraoladh CitizenCentral dar teideal ‘Cén tionchar a bhíonn ag tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh?’, tugtar léargas ar thrí thionscnamh ar éirigh leo, is iad sin: ‘Cuirtear toirmeasc ar an ngliofosáit’ [Cuirtear toirmeasc ar an ngliofosáit agus cosnaítear daoine agus an comhshaol ar lotnaidicídí tocsaineacha], ‘Ná Coinnímis Ainmhithe i gCásanna Feasta’, and ‘Right2Water’ [Tá an ceart ag cách ar uisce agus ar shláintíocht! Tá uisce ann ar mhaithe leis an bpobal, ní haon tráchtearra é!].  

Éist le CitizenCentral (i mBéarla amháin) atá le fáil ar Apple PodcastsSpotifyGoogle Podcasts agus SoundCloud.  

European Parliament
  • 16/06/2023

Rún maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh glactha ag Parlaimint na hEorpa

An 13 Meitheamh ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le rialacháin i dtaca leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur chun feidhme. Is é is aidhm don rún cur leis an athbhreithniú atá ar na bacáin ag an gCoimisiún ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Aithnítear sa rún gur chuir an Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh feabhas suntasach ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus moltar ann roinnt gníomhaíochtaí chun an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a fheabhsú tuilleadh mar uirlis trasteorann ar leith don daonlathas rannpháirteach.

Logo FurFreeEurope
  • 14/06/2023

An 10ú tionscnamh ar éirigh leis dar teideal ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena scrúdú

Tá 1,502,319 ráiteas tacaíochta bailíochtaithe ó shaoránaigh an Aontais bainte amach ag an tionscnamh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’. Is ionann an méid sin agus an líon is mó ráiteas tacaíochta bailíochtaithe a bailíodh riamh cheana. Baineadh an tairseach amach in 18 dtír. Is éard is brí leis sin gurb é an tionscnamh sin an 10ú tionscnamh ar éirigh leis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Cuireadh an tionscnamh isteach an 14 Meitheamh 2023.

Leis an tionscnamh iarrtar ar an gCoimisiún toirmeasc a thabhairt isteach ar fud an Aontais maidir le hainmhithe a choinneáil agus a mharú chun fionnadh a tháirgeadh, sin agus chun an toirmeasc céanna a thabhairt isteach i dtaca le fionnadh agus táirgí ina bhfuil fionnadh den sórt sin a chur ar mhargadh an Aontais.

Tá go dtí an 14 Nollaig 2023 ag an gCoimisiún chun a fhreagra oifigiúil a thíolacadh lena dtabharfar cur síos ar na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh. Buailfidh an Coimisiún leis na heagraithe chun an tionscnamh a phlé go mion sna seachtainí amach romhainn. Eagróidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí ina dhiaidh sin.

EU Democracy in Action - Have Your Say with the European Citizens' Initiative
  • 09/06/2023

Na huirlisí do scoileanna dar teideal ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais - Cuir do thuairim in iúl leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh’, tá siad le fáil anois i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh!

Tá na huirlisí foghlama roinnte i 4-aonad, agus cruthaíodh iad mar ghníomhaíocht roghnach seomra ranga do dhaltaí meánscoile na sraithe sinsearaí. Is é is aidhm dóibh an t-eolas agus na scileanna a thabhairt do dhaltaí a chuirfidh ar a gcumas a bheith ina saoránaigh ghníomhacha rannpháirteacha de chuid an Aontais. Mar chuid den phróiseas sin, díríonn na huirlisí ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. 

Tríd an teagasc, an taighde, an díospóireacht, obair thionscadail agus rólimirt, foghlaimíonn daltaí faoin gcaoi ar tháinig forbairt ar an Aontas le himeacht ama, faoin gcaoi a gceapann institiúidí an Aontais dlíthe, faoin tionchar a mbíonn ag na dlíthe sin ar an saol laethúil, agus faoin gcaoi a gcuireann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar a gcumas dul i gcomhairle le daoine eile chun beartas an Aontais a mhúnlú i dtaca le saincheisteanna ar cás leo.  

Podcast
  • 07/06/2023

Éist leis an eipeasóid nua de phodchraoladh CitizenCentral!

Ar fáil anois: an eipeasóid nua de phodchraoladh CitizenCentral lena gcuirtear tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh i dtábhacht.

San eipeasóid seo, labhraímid faoi na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh chun go mbeidh eolas ag gach duine san Eoraip ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh - agus tosnófar le daltaí meánscoile. D’fhorbair an Coimisiún Eorpach na huirlisí do scoileanna darb ainm ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais - Cuir do thuairim in iúl leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh’ agus rinneadh iad a phíolótú i meánscoileanna go luath in 2023.

Éist le CitizenCentral (i mBéarla amháin) atá le fáil ar Apple PodcastsSpotifyGoogle Podcasts agus SoundCloud.  

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?