Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 11

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 11

Cad ba cheart a dhéanamh i gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta?  

Tá feidhm aige maidir le Cás 2, ach amháin a mhéid a bhaineann le húsáid sheirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin

Ciallaíonn sárú i ndáil le sonraí pearsanta sárú ar shlándáil as a dtagann díothú, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach.

Fógra a thabhairt maidir leis an sárú i ndáil le sonraí

I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, ní mór d’ionadaí an ghrúpa d’eagraithe, gan aon mhoill mhíchuí agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis dó a bheith ar an eolas faoin sárú sin, fógra a thabhairt faoin sárú i ndáil le sonraí pearsanta don údarás inniúil um chosaint sonraí, ach amháin nuair nach dócha go mbeidh riosca ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an sárú sin.

Is gá an méid seo a leanas ar a laghad a bheith san áireamh san fhógra:

  • cur síos ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, agus an líon sínitheoirí dá ndéantar difear agus na catagóirí dá ndéantar difear san áireamh ann;
  • ainm agus sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí (nó pointe teagmhála ábhartha eile);
  • na hiarmhairtí is dócha a bheidh ann mar thoradh ar an sárú i ndáil le sonraí tar éis an t-ábhar a mheas; agus
  • aon bheart a ghlac an rialaitheoir chun an sárú a leigheas nó a mhaolú.

I gcás nach féidir an fhaisnéis a chur ar fáil an tráth céanna, féadfar an fhaisnéis a chur ar fáil i gcéimeanna gan mhoill.

Ní mór don ionadaí na fíorais, tionchar na bhfíoras sin agus an ghníomhaíocht cheartaitheach atá déanta cheana (nó atá le glacadh go práinneach ach an phleanáil a chur in iúl) a dhoiciméadú.

Rioscaí do chearta agus do shaoirsí

Thairis sin, nuair is dócha go mbeadh ardriosca ann do chearta agus do shaoirsí na sínitheoirí mar thoradh ar an sárú, ní mór na sínitheoirí a chur ar an eolas dá réir, ach amháin:

  • má tá na sonraí dothuigthe mar gheall ar na bearta a cuireadh chun feidhme (an criptiú, mar shampla, ar chuntar nach bhfuil an eochair i mbaol a bheith curtha ó mhaith) nó más dócha nach n-eascróidh rioscaí as a thuilleadh, nó
  • dá mbeadh iarrachtaí díréireacha i gceist chun cumarsáid aonair a dhéanamh leis na sínitheoirí. I gcás mar sin, ina ionad sin d’fhéadfaí fógra poiblí a dhéanamh maidir leis an sárú, lena gcuirfí na sínitheoirí ar an eolas.

TABHAIR DO D'AIRE: 

I gcás sonraí a bheith á bpróiseáil faoi rialú comhpháirteach leis an gCoimisiún, agus mura féidir an sárú i ndáil le sonraí a chur i leith iompar chomhaltaí an ghrúpa eagraithe, is é an Coimisiún a chomhlíonfaidh na hoibleagáidí thuas. Ba cheart don ghrúpa eagraithe cuidiú a thabhairt don Choimisiún, más gá agus a mhéid is féidir, maidir le sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta a bhainistiú.

Tagairtí:

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?