Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 17

Treoir maidir le Cosaint Sonraí don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) – Cén t-údarás náisiúnta maoirseachta ar cheart teagmháil a dhéanamh leis maidir le saincheisteanna a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil?

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 17

Cén t-údarás náisiúnta maoirseachta ar cheart teagmháil a dhéanamh leis maidir le saincheisteanna a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil? 

Próiseas bailithe na ráiteas tacaíochta i 7 mBallstát ar a laghad, is próiseas trasteorann é de bharr a chineáil agus d’fhéadfadh inniúlacht a bheith ag roinnt údaráis cosanta sonraí (ÚCS).

Maidir leis na gníomhaithe uile lena mbaineann, is fusa déileáil le ÚCS amháin, rud atá indéanta faoin gcoincheap i ndáil le ‘príomhúdarás maoirseachta’ nó ‘PÚM’ faoi RGCS. Sainítear an príomh-ÚCS mar údarás maoirseachta Bhallstát na príomhbhunaíochta nó Bhallstát bhunaíocht aonair an rialaitheora.

Mar sin féin, féadfaidh sínitheoirí gearán a dhéanamh le PÚM nó le ÚCS an Bhallstáit ina mbíonn cónaí orthu de ghnáth, a n-áit oibre nó an áit ar tharla an sárú líomhnaithe, má mheasann siad go bpróiseáiltear a gcuid sonraí go neamhdhleathach.

Tagairtí:

Footer banner
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?