Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An 12ú tionscnamh bailí ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’ curtha faoi bhráid an Choimisiúin lena scrúdú

An image of a badge with "1M" in it

An 1 Meán Fómhair 2025, cuireadh an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’ faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Is é an 12ú tionscnamh rathúil é a bheidh faoi scrúdú ag an gCoimisiún. Tá 1,124,513 ráiteas tacaíochta bhailí ó shaoránaigh an Aontais faighte ag an tionscnamh, líon a sháraíonn an t-íosmhéid is gá, is é sin aon mhilliún ráiteas tacaíochta bailí, agus a bhain na tairseacha amach i 19 mBallstát.

Iarrann eagraithe an tionscnaimh ar an gCoimisiún togra a chur isteach le haghaidh tacaíocht airgeadais do na Ballstáit a d’fhágfadh go mbeidís in ann foirceannadh sábháilte toircheas a chur ar fáil d’aon duine san Eoraip nach bhfuil rochtain aici ar ghinmhilleadh sábháilte dleathach.

Tá go dtí an 2 Márta 2026 ag an gCoimisiún chun a fhreagra oifigiúil a thíolacadh lena dtabharfar cur síos ar na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh, más ann dóibh. Buailfidh an Coimisiún leis na heagraithe chun an tionscnamh a phlé go mion sna seachtainí amach romhainn. Eagróidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí ina dhiaidh sin.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?