Inniu, chláraigh an Coimisiún dhá thionscnamh Eorpacha nua ó na saoránaigh.
Iarrann eagraithe an tionscnaimh 'Éiceascór Eorpach' ar an gCoimisiún 'Éiceascór Eorpach iontaofa' a mholadh – lipéad riachtanach lena dtugtar eolas do thomhaltóirí i dtaca leis an tionchar comhshaoil atá ag táirgí a mhonaraítear san Aontas nó a dhíoltar ar mhargadh an Aontais. Bunófar an lipéad ar ríomh caighdeánach, agus tosófar le bia agus éadaí ach is é an aidhm dheiridh atá ann go gclúdóidh an lipéad gach cineál táirge.
Iarrann eagraithe an tionscnaimh 'Sábháil cosmaidí neamhchruálacha – Tabhair gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe' ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh lena dtreiseofaí agus lena leathnófaí amach toirmisc an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair i dtaca le tástálacha ar ainmhithe le haghaidh cosmaidí, sin agus i dtaca leis an margaíocht a dhéantar ar na comhábhair a úsáidtear chun tástáil a dhéanamh ar ainmhithe. Leis an reachtaíocht freisin, leagfaí amach treochlár chun deireadh de réir a chéile a chur le tástálacha ar ainmhithe sula dtagann deireadh le sainordú reatha an Choimisiúin.
Agus an dá chlárúchán sin san áireamh, cláraíodh 6 thionscnamh nua sa chéad leath de 2021.
