Tíolacadh agus scrúdú
Cuireadh an tionscnamh ‘Uno di noi (duine dínne)’ faoi bhráid an Choimisiúin an 28/02/2014 tar éis dó 1,721,626 ráiteas tacaíochta a fháil. Féach an phreaseisiúint.
Bhí cruinniú ag na heagraithe leis an gCoimisinéir um Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, Máire Geoghegan-Quinn agus leis an Leas-Ard-Stiúrthóir um Fhorbairt agus Comhar, an tUasal Cornaro an 09/04/2014. Féach an phreaseisiúint.
Reáchtáladh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 10/04/2014.
Freagra an Choimisiúin Eorpaigh
Dáta an chinnidh: 28/05/2014
Cáipéisí oifigiúla a bhfuil baint acu leis an gcinneadh:
Obair leantach
Sa Teachtaireacht a glacadh an 28/05/2014, míníonn an Coimisiún gur chinn sé gan togra reachtach a chur isteach, toisc gur phléigh agus gur chinn na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa beartas an Aontais sa réimse sin le déanaí. Tá an Coimisiún sásta anois gurb é an creat maoiniúcháin atá ann faoi láthair, a pléadh agus a comhaontaíodh le déanaí idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa, an creat cuí. Féach an phreaseisiúint.