Inniu rinne an Coimisiún cinneadh Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chlárú dar teideal ‘The Green VAT – CBL Glas an Aontais darb aidhm táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a spreagadh’. Iarrann eagraithe an tionscnaimh ar an gCoimisiún gníomh dlí a mholadh agus é mar aidhm aige ‘an ráta CBL ar tháirgí agus ar sheirbhísí glasa a laghdú’.
Inniu freisin, bhí ar an gCoimisiún diúltú do chlárú tionscnaimh eile dar teideal ‘tionscnamh EVE chun an ceart a chruthú chun cinneadh a dhéanamh’. An diúltú sin, arb é an chéad diúltú é ó cuireadh na rialacha nua i bhfeidhm i mí Eanáir 2020, tháinig sé tar éis nós imeachta dhá chéim. Ag an gcéad chéim, iarradh ar na heagraithe a gcéad tionscnamh a leasú agus an chéad mheasúnú ón gCoimisiún á chur san áireamh.
