Cláraíodh tionscnamh nua lena n-iarrtar tacaíocht airgeadais ar an Aontas Eorpach maidir le ginmhilleadh sábháilte inrochtana
An 10 Aibreán chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’. Iarrtar leis an tionscnamh ar an gCoimisiún togra a chur faoi bhráid na mBallstát le haghaidh tacaíocht airgeadais chun foirceannadh sábháilte toircheas a chur ar fáil d’aon duine san Eoraip nach bhfuil rochtain aici ar ghinmhilleadh sábháilte dleathach.
Is é seo an ceathrú tionscnamh a cláraíodh in 2024. Tá sé mhí ag na heagraithe chun bailiúchán na sínithe a oscailt.