Tíolacadh agus scrúdú
Cuireadh an tionscnamh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’ faoi bhráid an Choimisiúin an 2 Deireadh Fómhair 2020 tar éis dó 1,397,113 ráiteas tacaíochta a fháil. Féach an phreaseisiúint.
An 30 Deireadh Fómhair 2020 bhuail na heagraithe le Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht de chuid an Choimisiúin, agus le Stella Kyriakides, an Coimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia.
Reáchtáladh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2021. Féach an phreaseisiúint.
Pléadh an tionscnamh ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2021. Sa rún a glacadh an lá céanna, chuir Parlaimint na hEorpa a tacaíocht don tionscnamh in iúl. Féach an phreaseisiúint ó Pharlaimint na hEorpa.
Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 30 Meitheamh 2021 ina leagtar amach na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh mar fhreagra ar an tionscnamh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’. Féach an phreaseisiúint agus na Ceisteanna agus Freagraí.
Freagra ón gCoimisiún Eorpach
Príomhchonclúidí na Teachtaireachta:
Ina fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (TES), chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé ar intinn aige togra reachtach a chur síos, faoi dheireadh 2023, chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid cásanna le haghaidh na n-ainmhithe uile a luaitear sa TES, agus chun an úsáid sin a thoirmeasc ar deireadh, faoi choinníollacha a chinnfear ar bhonn tuairimí ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus ar bhonn torthaí measúnaithe tionchair agus comhairliúcháin phoiblí.
I gcomhthreo leis an reachtaíocht agus chun aistriú cóir atá inmharthana go heacnamaíoch go dtí an fheirmeoireacht saor ó chásanna a éascú, féachfaidh an Coimisiún le bearta tacaíochta sonracha a thabhairt isteach i bpríomhréimsí beartas gaolmhara, cuir i gcás an trádáil agus an taighde agus an nuálaíocht. Go háirithe, leis an gComhbheartas Talmhaíochta, cuirfear tacaíocht airgeadais agus dreasachtaí ar fáil – an ionstraim nua um éiciscéimeanna, mar shampla – chun cuidiú le feirmeoirí uasghrádú a dhéanamh ar a saoráidí chun gur lú an díobháil a bhainfidh leo d’ainmhithe agus chun go mbeidh siad i gcomhréir leis na caighdeáin nua.
Obair leantach
Mar chuid dá Straitéis 2020 ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, chuir an Coimisiún in iúl cheana féin go bhfuil sé beartaithe aige athbhreithniú a mholadh ar reachtaíocht uile an Aontais maidir le leas ainmhithe, leas ar an bhfeirm ina measc sin. Cuireadh an reachtaíocht sin faoi réir seiceáil oiriúnachta, rud a tugadh i gcrích i mí Mheán Fómhair 2022. Cuireadh torthaí na seiceála i láthair i nDoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin. Féach tuilleadh eolais faoin athbhreithniú agus forbairtí eile lena mbaineann.
Mar a fógraíodh i bhfreagra 2021 ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’, in 2022 agus 2023 d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteachta Bia (EFSA) tuairimí eolaíocha i dtaca leis na rioscaí leasa a bhaineann le cásanna do gach speiceas agus catagóir ainmhithe a chumhdaítear leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (mar atá muca, béaróga, póraitheoirí gríoscacháin, póraitheoirí ciseal, laonna, coiníní, lachain, géanna agus gearga).
San Fhís don Talmhaíocht agus don Bhia, rud a glacadh an 19 Feabhra 2025, chuir an Coimisiún leis na moltaí ón Idirphlé Straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas agus d’fhógair sé go bhfuil sé beartaithe aige an méid seo a leanas a dhéanamh:
- malartú go dlúth le feirmeoirí, leis an mbiashlabhra agus leis an tsochaí shibhialta,
- ar an mbonn sin, tograí reachtacha a chur i láthair maidir le hathbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais atá ann cheana i dtaca le leas ainmhithe, ina measc sin a ghealltanas deireadh a chur de réir a chéile le húsáid cásanna,
- mar chuid den athbhreithniú reachtach seo, ailíniú níos láidre a shaothrú, i gcomhréir le rialacha idirnáisiúnta, ó thaobh caighdeáin leasa ainmhithe a chur i bhfeidhm maidir le hainmhithe agus bia iompórtáilte.
Tar éis an fhógra a tugadh i bhFís 2025 don Talmhaíocht agus don Bhia, sheol an Coimisiún measúnú tionchair chun athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht leasa feirme an Aontais. Tá glao ar fhianaise, comhairliúchán poiblí agus gníomhaíochtaí comhairliúcháin eile curtha i gcrích.
Bunaithe ar na gníomhaíochtaí comhairliúcháin sin agus ar an measúnú tionchair leanúnach, leagtar amach i Straitéis an Aontais maidir le Beostoc, rud a glacadh an 7 Iúil 2026, na gníomhaíochtaí seo a leanas le haghaidh earnáil beostoic inbhuanaithe, gníomhaíochtaí lena ndéanfar obair leantach ar na gealltanais a tugadh i bhfreagra an Choimisiúin ar an tionscnamh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’:
- faoi dheireadh 2026, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú spriocdhírithe a mholadh ar rialacha maidir le leas ainmhithe le haghaidh béaróg agus sicíní lena ramhrú, lena ndíreofar ar dheireadh a chur de réir a chéile le cásanna, táscairí praiticiúla leasa ar an bhfeirm, deireadh a chur le marú córasach sicíní fireanna agus ceanglais iompórtála choibhéiseacha.
- faoin dara ráithe de 2027, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú spriocdhírithe a mholadh ar rialacha maidir le leas ainmhithe do mhuca, ina measc sin an t-aistriú ó chliathbhoscaí go córais cró, táscairí leasa praiticiúla ar an bhfeirm, agus ceanglais choibhéiseacha iompórtála.
Tá tuilleadh sonraí le fáil ar an leathanach gréasáin tiomnaithe.
