Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe
Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 13
Na ráitis tacaíochta bailithe a thíolacadh faoi bhráid na mBallstát lena bhfíorú – cé hé an rialaitheoir sonraí?
Nuair a bhailítear ráitis tacaíochta trí lárchóras bailithe an Choimisiúin ar líne, déanann an Coimisiún na ráitis tacaíochta a thíolacadh go díreach trína sheirbhís malartaithe comhad.
Cumhdaíonn comhaontú maidir le rialú comhpháirteach an tíolacadh.
Nuair a bhailítear ráitis tacaíochta ar páipéar, is féidir iad a thíolacadh:
- ar do chonlán féin – déan na moltaí slándála a sheiceáil – nó
- trí sheirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin. Sa chás sin is faoin gcomhaontú ábhartha maidir le rialú comhpháirteach a dhéantar an tíolacadh.