Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 1

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 1

Lárchóras bailithe ar líne – cé na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún agus ar ionadaí an ghrúpa d’eagraithe mar rialaitheoirí comhpháirteacha?

Tá feidhm aige maidir le Cás 1 

Mar ghrúpa d’eagraithe, caithfidh sibh lárchóras bailithe ar líne an Choimisiúin a úsáid chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne agus an tseirbhís malartaithe comhad a úsáid chun na ráitis tacaíochta a bhailigh sibh a chur faoi bhráid na mBallstát lena bhfíorú.

Sa chás sin, gníomhaíonn ionadaí an ghrúpa d’eagraithe agus an Coimisiún Eorpach mar rialaitheoirí comhpháirteacha sonraí, bunaithe ar chomhaontú caighdeánach maidir le rialú comhpháirteach ina sonraítear oibleagáidí an dá rialaitheoir. Cuirtear seirbhísí an Choimisiúin ar fáil saor in aice.

Faoin gcomhaontú maidir le rialú comhpháirteach, is é an Coimisiún a ghlacann an chuid is mó d’oibleagáidí na rialaitheoirí, agus ina measc sin:

  • Déanann sé na córais TF ábhartha a fheidhmiú agus a chothabháil, córais lena mbailítear agus lena stóráiltear na ráitis tacaíochta agus seoltaí ríomhphoist na sínitheoirí (roghnach)
  • Féadfaidh sé teachtaireachtaí ríomhphoist a chur chuig na sínitheoirí sin a liostáil chun eolas maidir le próiseas an tionscnaimh a fháil
  • Cuireann sé measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus taifead de na gníomhaíochtaí próiseála ar fáil
  • Cinntíonn sé go gcuirtear ráiteas príobháideachais iomchuí ar fáil do na sínitheoirí agus go ndéantar obair leantach chuí ar a gcuid ceisteanna agus iarrataí faoi RGCS/EUDPR
  • Cinntíonn sé go ndéantar na ráitis tacaíochta a bailíodh a thíolacadh faoi bhráid na mBallstát lena bhfíorú agus, scriosann sé na sonraí a bailíodh i gcomhréir leis na tréimhsí coinneála sonraí iomchuí.

Maidir leis na hoibríochtaí próiseála a bhfuil an Coimisiún freagrach astu faoin gcomhaontú maidir le rialú comhpháirteach, déanann Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin monatóireacht ar chur chun feidhme a n-oibleagáidí arna dhéanamh ag an gCoimisiún faoi EUDPR.

Is mar seo a leanas a theorannaítear tascanna an ionadaí/na n-eagraithe go ginearálta:

  • Déanann siad cinneadh maidir le dáta tosaigh agus dáta deiridh na ráiteas tacaíochta a bhailiú, chomh maith leis an dáta a gcuirtear na ráitis a bailíodh faoi bhráid údaráis na mBallstát;
  • Féadfaidh siad teachtaireachtaí ríomhphoist a chur chuig na sínitheoirí sin a liostáil chun eolas maidir le próiseas an tionscnaimh a fháil;
  • Treoraíonn siad iarratais na n-ábhar sonraí chuig an gCoimisiún go bpléifí níos mó leo;
  • Cuireann siad an Coimisiún ar an eolas más gá teorainneacha ama coinneála sonraí a athrú i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán maidir le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

Tagairtí:

 

    Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?