Tíolacadh agus scrúdú
Cuireadh an tionscnamh ‘Stad de Chluichí Físeáin a Scriosadh’ faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh an 26 Eanáir 2026 tar éis dó 1,294,188 ráiteas tacaíochta bailí a fháil. Féach Nuacht ón gCoimisiún Eorpach.
An 23 Feabhra 2026 chuir eagraithe an tionscnaimh cuspóirí a dtionscnaimh i láthair i gcruinniú leis an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Henna Virkkunnen agus leis an gCoimisinéir Michael McGrath, in éineacht le hoifigigh an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Féach na grianghraif.
Cuireadh an tionscnamh sin i láthair freisin ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2026, i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Le linn na héisteachta, chuir na heagraithe sonraí ar fáil faoina gcuspóirí agus bhí malartú tuairimí ann idir Feisirí Pharlaimint na hEorpa maidir leis an tionscnamh. Faigh an taifeadadh agus na hábhair ghaolmhara ar leathanach gréasáin na héisteachta poiblí.
Bhí díospóireacht ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an tionscnamh sin ag an seisiún iomlánach a bhí aici an 21 Bealtaine 2026. Féach ar an taifeadadh.
Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 16 Meitheamh 2026 inar leagadh amach a fhreagra ar an tionscnamh. Féach an phreaseisiúint ón gCoimisiún.
Freagra ón gCoimisiún Eorpach
Príomhchonclúidí na Teachtaireachta:
Ina chuid freagra, ní féidir leis an gCoimisiún oibleagáid dhlíthiúil a mholadh chun go mbeidh cluichí físeáin so-imeartha tar éis deireadh a chur lena soláthar ar bhonn tráchtála.
Mar sin féin, foráiltear cheana féin le dlí tomhaltóirí an Aontais atá ann cheana do choimircí tábhachtacha do thomhaltóirí.
Mar fhreagra ar an an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
- roimh dheireadh 2026, cuirfidh sé tús le malartú le tionscal na gcluichí físeáin agus le hionadaithe tomhaltóirí agus é mar aidhm aige cód iompair tionscail a tharraingt suas maidir le ‘deireadh ré’ cluichí físeáin a bhainistiú.
- oibreoidh sé le heagraíochtaí agus le húdaráis tomhaltóirí chun feasacht a mhúscailt maidir leis na cearta tomhaltóirí is infheidhme, coimircí lena gcosnaítear a leasanna ina measc.
Le forfheidhmiú gníomhach na gceart tomhaltóirí atá ann cheana, is féidir na soláthraithe a dhreasú freisin chun cluichí físeáin a thairiscint a bhfuil saolré níos faide acu.
