Tíolacadh agus scrúdú
Cuireadh an tionscnamh ‘Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh’ faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh an 26 Eanáir 2026 tar éis dó 1,294,188 ráiteas tacaíochta bailí a fháil. Féach Nuacht ón gCoimisiún Eorpach.
An 23 Feabhra 2026 chuir eagraithe an tionscnaimh cuspóirí a dtionscnaimh i láthair i gcruinniú leis an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Henna Virkkunnen agus leis an gCoimisinéir Michael McGrath, in éineacht le hoifigigh an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Féach na grianghraif.
Cuireadh an tionscnamh sin i láthair freisin ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2026, i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Le linn na héisteachta, chuir na heagraithe sonraí ar fáil faoina gcuspóirí agus bhí malartú tuairimí ann idir Feisirí Pharlaimint na hEorpa maidir leis an tionscnamh. Faigh an taifeadadh agus na hábhair ghaolmhara ar leathanach gréasáin na héisteachta poiblí.
Tá freagra an Choimisiúin le tabhairt faoin 27 Iúil 2026.
