
Tá an dara heagrán den tsraith nua podchraoltaí faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, CitizenCentral, díreach eisithe agus is féidir éisteacht leis ar Apple Podcasts, Spotify, Google Podcasts agus SoundCloud.
Díríonn an tsraith 'CitizenCentral' ar na daoine taobh thiar de na tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh. Roinneann eagraithe, saineolaithe beartas agus saoránaigh a dtuairimí maidir leis na hábhair a ardaíodh a bhuí leis na tionscnaimh éagsúla.
Sa dara heagrán cloistear ó eagraithe na dtionscnamh an Clár um Malartú na Státseirbhíseach agus Vótálaithe gan Teorainneacha agus ó chainteoirí eile ar mór acu an rannpháirtíocht sa daonlathas.







