Tionscnamh nua cláraithe: ‘Coincheap an fhasaigh bhreithiúnaigh a chur chun feidhme go héifeachtach i dtíortha an Aontais Eorpaigh’
An 31 Bealtaine chláraigh an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Coincheap an fhasaigh bhreithiúnaigh a chur chun feidhme go héifeachtach i dtíortha an Aontais Eorpaigh’.
Leis an tionscnamh, iarrtar ar an gCoimisiún sásra a thabhairt isteach lena ráthófar aitheantas frithpháirteach do chinntí breithiúnacha críochnaitheacha arna nglacadh ag cúirteanna Ballstát eile agus lena dtugtar an rogha fasaigh bhreithiúnacha náisiúnta a agairt arna gcinneadh ag cúirteanna na tíre lena mbaineann. Bheadh feidhm ag an sásra maidir le cásanna a bhaineann le ceisteanna dlíthiúla comhchosúla a raibh deis ag an gCúirt cheana na forálacha is infheidhme de dhlí an Aontais a léirmhíniú ina leith.
Is é seo an cúigiú tionscnamh a cláraíodh in 2023. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh anois chun an t-am a roghnú a chuirfidh siad tús le bailiú na tacaíochta.