Tagann an Rialachán maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra i bhfeidhm inniu. Glacadh moladh an Choimisiúin maidir leis an Rialachán seo in 2019, tar éis an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Ban glyphosate and protect people and the environment from toxic pesticides [Cuirtear toirmeasc ar an ngliofosáit agus cosnaítear daoine agus an comhshaol ar lotnaidicídí tocsaineacha]’. Beidh ócáid cheiliúrtha á reáchtáil ar líne an 30 Márta, a mbeidh eagraithe de chuid ECI páirteach inti.
Freastail ar an seimineár gréasáin a bheidh ar siúl an 30 Márta 2021 chun treoir phraiticiúil a fháil maidir leis an dóigh le ráitis tacaíochta a bhailiú go rathúil do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
De dheasca na ndúshlán atá cruthaithe ag paindéim COVID-19, ghlac an Coimisiún cinneadh an 19 Feabhra síneadh trí mhí eile a chur leis na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh a raibh ráitis tacaíochta á mbailiú acu an 1 Feabhra 2021. Thug an Coimisiún fógra d’eagraithe na dtionscnamh lena mbaineann. Léigh téacs an chinnidh cur chun feidhme ón gCoimisiún.
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Minority Safepack – aon mhilliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’, arb é an cúigiú tionscnamh ar éirigh leis agus ar thacaigh breis agus 1 mhilliún saoránaigh ar fud an Aontais leis. Léigh an teachtaireacht ón gCoimisiún.
Inniu, tagann an Treoir Athbhreithnithe maidir le hUisce Óil i bhfeidhm. Is freagairt dhíreach í an Treoir ar an gcéad tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis riamh, is é sin Water and sanitation are a human right! [Tá an ceart ag cách ar uisce agus ar shláintíocht!] Tá uisce ann ar mhaithe leis an phobail, ní haon tráchtearra é!. Leis an reachtaíocht nua, cinnteofar sábháilteacht agus cáilíocht uisce óil, chomh maith le rochtain níos éasca air do ghrúpaí leochaileacha.
Tá an Coimisiún tar éis tionscnamh Eorpach nua ó na saoránaigh a chlárú inniu: ‘Tionscnamh de chuid na sochaí sibhialta maidir le toirmeasc ar chleachtais ollfhaireachais bhithmhéadraigh’. Iarrann na heagraithe ar an gCoimisiún deireadh buan a chur le húsáidí neamh-idirdhealaitheacha agus le húsáidí spriocdhírithe treallacha a bhaintear as sonraí bithmhéadracha ar bhealaí a bhféadfadh ollfhaireachas nó aon chur isteach míchuí ar chearta bunúsacha a bheith mar thoradh orthu.
De dheasca na ndúshlán atá cruthaithe ag paindéim COVID-19, ghlac an Coimisiún cinneadh an 17 Nollaig síneadh trí mhí a chur leis na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh a raibh ráitis tacaíochta á mbailiú acu an 1 Samhain 2020. Thug an Coimisiún fógra d’eagraithe na dtionscnamh lena mbaineann. Léigh téacs an chinnidh cur chun feidhme ón gCoimisiún.
Bhí Seachtain an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar siúl ar líne ón 16 go dtí an 20 Samhain 2020. Ba í an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin, Věra Jourová, a chuir tús oifigiúil leis an ócáid agus bhailigh an tseachtain le chéile ionadaithe ardleibhéil ó na hinstitiúidí Eorpacha, an tsochaí shibhialta agus eagraithe tionscnamh ó na saoránaigh. Má chaill tú amach ar an ócáid, tá taifead de na seisiúin aonair ar fáil anois.
Bhuail eagraithe an tionscnaimh 'End the Cage Age' leis an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht Věra Jourová agus leis an gCoimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia Stella Kyriakides.
Reáchtálfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an gcúigiú tionscnamh rathúil de chuid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh dar teideal ‘Minority Safepack – aon mhilliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip’ an 15 Deireadh Fómhair ó 9.00 go dtí 13.00. I ngeall ar shrianta COVID-19 atá ann faoi láthair, reáchtálfar an cruinniú ó chian le láithreacht fhisiceach theoranta sa seomra, ach déanfar é a shruthú ina iomláine ar líne don phobal.
Féach na himeachtaí atá ar na bacáin a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Féadfaidh tú freisin féachaint ar liosta na n-imeachtaí a reáchtáladh cheana; tá taifeadtaí de chuid acu ar fáil.