Tíolacadh agus scrúdú
Cuireadh an tionscnamh ‘Coinnítear na cosmaidí saor ó chruálacht – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ón tástáil ar ainmhithe’ faoi bhráid an Choimisiúin an 25 Eanáir 2023, tar éis dó 1,217,916 ráiteas tacaíochta fíoraithe a bhailiú. Léigh an preasráiteas.
An 17 Márta 2023 bhuail na heagraithe le Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht de chuid an Choimisiúin, agus le Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach. Féach an clúdach i ngrianghraif.
Reáchtáladh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 25 Bealtaine 2023. Féach an taifeadadh agus sleachta.
Pléadh an tionscnamh ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2023. Féach an taifeadadh.
Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 25 Iúil 2023 ina leagtar amach a fhreagairt ar an tionscnamh ‘Coinnítear na cosmaidí saor ó chruálacht – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ón tástáil ar ainmhithe'. Féach an phreaseisiúint.
Freagra ón gCoimisiún Eorpach
- Factsheet – Successful Initiatives – Save cruelty free cosmetics

Príomhchonclúidí na Teachtaireachta:
Leagann an Coimisiún amach na gníomhaíochtaí seo a leanas chun an tástáil ar ainmhithe a laghdú tuilleadh mar fhreagairt ar chuspóirí sonracha an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh:
- Cosaint agus neartú a dhéanamh ar chosc ar an tástáil ar ainmhithe le haghaidh cosmaidí: Leis Rialachán an Aontais maidir le Cosmaidí, cuirtear toirmeasc cheana féin ar tháirgí cosmaideacha a tástáladh ar ainmhithe a chur ar an margadh, ach ní chumhdaítear an toirmeasc sin leis na tástálacha sábháilteachta is gá chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí ó cheimiceáin d’oibrithe agus don chomhshaol faoi Rialachán an Aontais maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH). Tá measúnú á dhéanamh faoi láthair ar an gcomhéadan idir an dá phíosa reachtaíochta in dhá chás os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Breithneoidh an Coimisiún toradh na gcásanna cúirte i bhfianaise aon athruithe reachtacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.
- Athrú ó bhonn a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le Ceimiceáin: Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na páirtithe ábhartha uile ar threochlár i dtreo measúnuithe sábháilteachta ceimiceán atá saor ón tástáil ar ainmhithe. Beidh an treochlár sin ina chreat treorach do ghníomhaíochtaí agus do thionscnaimh amach anseo arb é is aidhm dóibh an tástáil ar ainmhithe a laghdú agus deireadh a chur léi laistigh den Aontas Eorpach sa deireadh thiar i gcomhthéacs na reachtaíochta maidir le ceimiceáin.
- An eolaíocht san Aontas a nuachóiriú: Leanfaidh an Coimisiún de thacaíocht láidir a thabhairt chun cineálacha cur chuige malartacha a fhorbairt le maoiniú iomchuí. Tionscnóidh sé freisin sraith gníomhaíochtaí chun dlús a chur le tástáil ar ainmhithe a laghdú sa taighde, san oideachas agus san oiliúint.
Obair leantach
Tá eolas sa rannán seo faoin obair leantach a rinne an Coimisiún agus institiúidí eile, ag leanúint den fhreagra ón gCoimisiún.
Cruinniú leantach
An 8 Samhain 2023 bhuail an Coimisinéir Virginijus Sinkevičius le heagraithe an tionscnaimh ‘Coinnítear na cosmaidí saor ó chruálacht – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ón tástáil ar ainmhithe’ chun freagra an Choimisiúin ar an tionscnamh a phlé.
Seoladh na hoibre ar an treochlár in 2023 agus a fhoilsiú an 1 Meitheamh 2026
Sa dara leath de 2023 chuir an Coimisiún tús leis an obair ar threochlár chun deireadh a chur de réir a chéile leis an tástáil ar ainmhithe le haghaidh measúnuithe ar shábháilteacht ceimiceán, rud a d’fhógair sé ina fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
Tugadh an obair chun críche in 2026 agus foilsíodh an treochlár an 1 Meitheamh 2026 (Preaseisiúint).
Féach an t-eolas faoin treochláir i dtreo deireadh a chur de réir a chéile leis an tástáil ar ainmhithe ar an suíomh gréasáin tiomnaithe.
Féach an t-eolas faoi cheardlanna agus comhdhálacha gaolmhara a eagraíodh ó 2023 i leith.
Féach an t-eolas faoin gComhpháirtíocht Eorpach um Chuir Chuige eile maidir le Tástáil ar Ainmhithe (EPAA) - comhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach agus an tionscal arb é is aidhm di modhanna tástála nuálacha neamhainmhithe/Modheolaíochtaí Cur Chuige Nua (NAManna) a chur in ionad na tástála ar ainmhithe - agus a comhdhálacha agus a gníomhaíochtaí.
Cuireadh tús leis an obair ar chur i bhfeidhm an treochláir i mí an Mheithimh 2026, agus bunaíodh Foireann Stiúrtha an Treochláir chun tacú lena chur i bhfeidhm. In éineacht le EPAA, d’eagraigh an Coimisiún comhdháil trí lá maidir le ‘Sábháilteacht Ceimiceán atá Saor ó Ainmhithe agus Cur i bhFeidhm an Treochláir’ an 1-3 Meitheamh 2026, le seisiúin thiomnaithe i dtaca le spásanna sábháilte agus úsáid na hintleachta saorga san eolaíocht rialála.
Príomhghníomhaíocht eile is ea an tArdán Comhoibríoch um Roghanna Malartacha ar an Tástáil ar Ainmhithe (CP-AAT), a gcuirfear tús leis i mí an Mheithimh 2026, chun úsáid cur chuige neamhainmhithe a chur chun cinn i ngach réimse reachtach faoi fhreagracht na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA). Tá an tArdán comhdhéanta de shaineolaithe ó ECHA, ó údaráis na mBallstát, agus ó bhreathnóirí ón gCoimisiún agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha.
Roghanna malartacha ar an tástáil ar ainmhithe sa taighde
Tá gníomhaíocht bheartais de chuid an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) molta ag an gCoimisiún maidir le cineálacha cur chuige neamhainmhithe le haghaidh taighde bithleighis agus tástáil cógaisíochta. Cuireadh an ghníomhaíocht sin i láthair le linn ceardlann thiomnaithe mar chuid de chomhdháil ar an Limistéar Eorpach Taighde an 18-19 Meán Fómhair 2024. Cuireadh tús leis an ngníomhaíocht i mí na Nollag 2025.
Chuir an Coimisiún ‘malartuithe ar an tástáil ar ainmhithe’ san áireamh i bplean straitéiseach 2025-2027 Fís Eorpach (ciste taighde agus nuálaíochta an Aontais).
Reáchtáladh ceardlann maidir le réimsí taighde tosaíochta amach anseo le haghaidh modheolaíochtaí cur chuige nua (NAManna) sa Choimisiún Eorpach (AS um Thaighde agus Nuálaíocht) an 10-11 Aibreán 2025. Táthar ag súil go bhfoilseofar tuarascáil ón gceardlann amach anseo.
Breithiúnais na Cúirte Ginearálta maidir leis an gcaidreamh idir REACH agus an Rialachán maidir le Táirgí Cosmaideacha (T-655/20 agus T-656/20)
Mar a luadh sa fhreagra ar an gcéad chuspóir den tionscnamh – ‘An cosc ar an tástáil ar ainmhithe le haghaidh cosmaidí a chosaint agus a neartú’ – bhí measúnú á dhéanamh ag an am ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an gcomhéadan idir Rialachán REACH agus an Rialachán maidir le Táirgí Cosmaideacha. D’eisigh an Chúirt Ghinearálta a breithiúnais an 22 Samhain 2023 agus shoiléirigh sí go gceanglaítear le Rialachán REACH ar chuideachtaí a mhonaraíonn nó a iompórtálann substaintí ceimiceacha nach n-úsáidtear ach i dtáirgí cosmaideacha eolas a sholáthar (más gá, a ghintear trí thástáil ar ainmhithe) faoi airíonna guaiseacha chun measúnú sábháilteachta a dhéanamh ar oibrithe a mhonaraíonn nó a phróiseálann na substaintí sin.
Déanfaidh an Coimisiún breithiúnais na Cúirte a mheas go cúramach i bhfianaise aon bheart a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.