Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin

 

Tíolacadh agus scrúdú

Cuireadh an tionscnamh ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha le haghaidh comhshaol folláin’ faoi bhráid an Choimisiúin an 7 Deireadh Fómhair 2022, tar éis dó 1,054,973 ráiteas tacaíochta a bhailiú. Léigh an preasráiteas.

An 25 Samhain 2022 bhuail na heagraithe le Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht de chuid an Choimisiúin, agus le Stella Kyriakides, an Coimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia. Léigh an preasráiteas.

Reáchtáladh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 24 Eanáir 2023. Féach ar an taifeadadh.

Pléadh an tionscnamh ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa an 16 Márta 2023. Féach ar an taifeadadh.

Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 5 Aibreán 2023 ina leagtar a fhreagra ar an tionscnamh ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’. Léigh an preasráiteas.

 

Freagra an Choimisiúin Eorpaigh

top of page 1
Factsheet – Successful Initiatives – Save bees and farmers

 

Ina fhreagairt ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, chuir an Coimisiún fáilte roimh an tionscnamh agus d’aithin sé a thábhachtaí atá sé, go háirithe ós rud é gur dúshláin mhéadaitheacha do thalmhaíocht agus do shlándáil bia na hEorpa iad géarchéimeanna idirnasctha an athraithe aeráide, an truaillithe agus chailliúint na bithéagsúlachta.

Ó 2019 i leith, nuair a cuireadh tús le tacaíocht a bhailiú don tionscnamh, tá dianobair déanta ag an gCoimisiún faoin gComhaontú Glas don Eoraip chun inbhuanaitheacht na gcóras bia a chinntiú, an méid seo a leanas san áireamh:

Leis an togra le haghaidh rialachán maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí, a cuireadh síos i mí an Mheithimh 2022, leagtar amach bealach uaillmhianach chun riosca agus úsáid lotnaidicídí ceimiceacha i dtalmhaíocht an Aontais a laghdú 50% faoi 2030. 

Leis an togra le haghaidh Dlí um Athbhunú an Dúlra a cuireadh síos i mí an Mheithimh 2022, comhcheanglaítear cuspóir uileghabhálach athchóirithe maidir le téarnamh fadtéarmach an dúlra i limistéir thalún agus farraige an Aontais, mar aon le spriocanna ceangailteacha athchóirithe do ghnáthóga agus speicis shonracha.

I bhfreagairt an Choimisiúin, chuir sé i bhfios go láidir nach é an tosaíocht atá aige gníomhartha reachtacha nua a mholadh ach cinnte a dhéanamh de gur go tráthúil a ghlacfar na tograí atá á gcaibidliú faoi láthair ag na comhreachtóirí agus go gcuirfear chun feidhme iad ina dhiaidh sin, mar aon leis an gComhbheartas Talmhaíochta a chur chun feidhme go héifeachtach. An tuilleadh agus milliún ráiteas a thacaíonn leis an tionscnamh seo ó na saoránaigh, is comhartha iad gur cheart ardleibhéal uaillmhéine na dtograí ón gCoimisiún a choinneáil.

 

An 25 Aibreán 2023, bhuail an Coimisinéir Virginijus Sinkevičius le heagraithe ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí!’ chun freagra an Choimisiúin ar an tionscnamh a phlé.

An t-eolas is déanaí maidir leis na tograí ón gCoimisiún

Togra le haghaidh an Dlí maidir le hAthchóiriú an Dúlra: tar éis do Pharlaimint na hEorpa an téacs a chomhaontú (an 27 Feabhra 2024), ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh an rialachán an 17 Meitheamh 2024. Tiocfaidh sé i bhfeidhm 20 lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh feidhm aige láithreach. 

Chun eolas atá cothrom le dáta a fháil faoin Dlí maidir le hAthchóiriú an Dúlra, féach suíomh gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin.

Togra le haghaidh Rialachán maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Táirgí Cosanta Plandaí: I bhfianaise gur dhiúltaigh Parlaimint na hEorpa don togra i mí na Samhna 2023, agus i bhfianaise easpa dul chun cinn sa phlé sa Chomhairle, chinn an Coimisiún an 27 Márta 2024 a thogra a tharraingt siar

Chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi na forbairtí i réimse na húsáide inbhuanaithe lotnaidicídí, féach suíomh gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin.

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?