Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Cuir stad leis an mbeodhioscadh

Tíolacadh agus scrúdú

Cuireadh an tionscnamh ‘Stop Vivisection’ faoi bhráid an Choimisiúin an 3 Márta 2015 tar éis dó 1,173,130 ráiteas tacaíochta a fháil. Féach an phreaseisiúint.

Bhí cruinniú ag na heagraithe leis an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin um Poist, Fás, Infheistíocht agus Iomaíochas, Jyrki Katainen, agus le hArd-Stiúrthóir AS an Chomhshaoil, Karl Falkenberg, an 11 Bealtaine 2015. Féach an phreaseisiúint.

Reáchtáladh éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 11 Bealtaine 2015.

Freagra an Choimisiúin Eorpaigh

Dáta an chinnidh: 03/06/2015


Cáipéisí oifigiúla a bhfuil baint acu leis an gcinneadh:

Príomhchonclúidí na Teachtaireachta:

Cé go bhfuil an Coimisiún den tuairim gur cheart deireadh a chur le tástáil ar ainmhithe de réir a chéile, ní hionann an cur chuige atá aige chun an cuspóir sin a bhaint amach agus an cur chuige atá á mholadh sa Tionscnamh ó na Saoránaigh seo.

An Treoir maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críocha eolaíocha (Treoir 2010/63/AE), a bhfuil an tionscnamh ag féachaint lena haisghairm, measann an Coimisiún gurb í an reachtaíocht chuí í chun bunchuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach. Is é an sprioc dheiridh atá aici críoch iomlán a chur le húsáid ainmhithe a luaithe a bheidh sé sin indéanta ó thaobh na heolaíochta de, agus cuirtear ar fáil léi cur chuige céim ar chéim atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, de réir mar a thagann roghanna malartacha nach ainmhithe iad chun cinn. Dá bhrí sin, níor moladh aon aisghairm ar an reachtaíocht sin.

Thairis sin, leagtar amach sa Teachtaireacht ceithre bheart eile le déanamh i dtreo na sprice maidir le deireadh a chur le tástáil ar ainmhithe. I measc na mbeart sin tá comhdháil eolaíochta chun an pobal eolaíoch agus na páirtithe leasmhara ábhartha a thabhairt le chéile, comhdháil a spreagfadh díospóireacht maidir le conas leas a bhaint as forbairtí i réimse na heolaíochta chun cineálacha cur chuige a shaothrú atá bailí ó thaobh na heolaíochta de agus nach gá ainmhithe a úsáid chucu.

Geallann an Coimisiún go ndéanfar monatóireacht ghníomhach ar chomhlíontacht agus forfheidhmiú na reachtaíochta, agus leanfaidh sé de bheith ag tacú le forbairt agus le bailíochtú roghanna malartacha i dtaighde agus tástáil, roghanna nach ainmhithe iad. Leanfar den idirphlé leis na páirtithe leasmhara go léir, go háirithe leis an bpobal eolaíochta, chun dul chun cinn a dhéanamh ionsar deireadh a chur le tástáil ar ainmhithe trí eolas a roinnt, craobhscaoileadh, agus gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna maidir le roghanna malartacha nach ainmhithe iad agus na ‘3 R’ — Replacement, Reduction and Refinement – ionadú, laghdú agus feabhsú ar thástáil ar ainmhithe.

Obair leantach

Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 3 Meitheamh 2015 inar leagadh amach na bearta a bhí beartaithe aige a dhéanamh mar fhreagra ar an tionscnamh ‘Stop Vivisection’. Féach an phreaseisiúint.

D'eagraigh an Coimisiún Eorpach comhdháil eolaíochta sa Bhruiséil an 6-7 Nollaig 2016 le díospóireacht a chur ar bun idir an pobal eolaíochta agus páirtithe leasmhara ábhartha maidir leis an gcaoi ar féidir leas a bhaint as an dul chun cinn ceannródaíoch atá ar siúl i réimse an taighde bithleighis agus i réimsí taighde eile i dtaca le cineálacha cur chuige a shaothrú atá bailí ó thaobh na heolaíochta de agus nach gá ainmhithe a úsáid chucu (modhanna eile seachas tástálacha ar ainmhithe).

Ar ócáid na comhdhála, thug an Coimisiún tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta maidir le bearta leantacha an tionscnaimh ‘Stop Vivisection’ a chur chun feidhme. Féach an tuarascáil ón gComhdháil (pointe 5, lch. 16-20).

D’fhoilsigh an Coimisiúntuarascáil athbhreithnithe maidir le Treoir 2010/63/AE in 2017. Ina theannta sin, d’fhoilsigh sé tuarascáil maidir le cur chun feidhme na Treorach sin i mí Feabhra 2020. Sna tuarascálacha sin bhí na chéad measúnuithe ar a mhéid a bhfuil cuspóirí na Treorach á mbaint amach aici agus a mhéid a bhfuil an Treoir á cur chun feidhme ag na Ballstáit.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin.

Eolas eile

An 18 Aibreáin 2017, d'eisigh an tOmbudsman Eorpach cinneadh i dtaca leis an tionscnamh ‘Stop Vivisection’. Tháinig an tOmbudsman ar an gconclúid nach raibh aon drochriarachán déanta ag an gCoimisiún.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?