Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe
Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 6
Cén uair agus conas ba cheart duit measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh?
Tá feidhm aige maidir le Cás 2, ach amháin a mhéid a bhaineann le húsáid sheirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin
Mar ionadaí, ní mór duit Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (DPIA) a dhéanamh i gcás inar dócha go mbeidh ardriosca ann do chearta agus do shaoirsí daoine aonair mar thoradh ar an bpróiseáil. I measc nithe eile, tá sé ag teastáil go háirithe i gcás ina bpróiseáiltear sonraí íogaire ar scála mór.
Tá Treoirlínte maidir le Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (DPIA) bunaithe ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB). Ba chóir duit a sheiceáil freisin ar eisigh d’Údarás náisiúnta inniúil um Chosaint Sonraí treoir bhreise maidir le cathain agus conas DPIAnna a dhéanamh.
Ba cheart an DPIA a dhéanamh roimh an bpróiseáil agus ba cheart é a mheas mar uirlis bheo, ní hamháin mar chleachtadh aonuaire. I gcás ina bhfuil rioscaí iarmharacha ann nach féidir a mhaolú leis na bearta a cuireadh i bhfeidhm, ní mór dul i gcomhairle leis an Údarás náisiúnta inniúil um Chosaint Sonraí sula gcuirfear tús leis an bpróiseáil.
TABHAIR DO D’AIRE:
Ní gá DPIA a dhéanamh maidir leis an bpróiseáil faoi rialú comhpháirteach leis an gCoimisiún, mar go bhfuil próiseáil den sórt sin cumhdaithe cheana féin ag an DPIA a dhéanann an Coimisiún (féach Cás 1).
Tagairtí:
- Airteagal 35 de RGCS
- Airteagal 36 de EUDPR
- Treoirlínte maidir le Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí