Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 3

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 3

‘Sonraí íogaire’ – cén uair a mheastar sonraí na sínitheoirí a bheith ina gcatagóir speisialta sonraí?

Meastar sonraí a bhaineann le reiligiún, tuairimí polaitiúla, sláinte, etc., a bheith ina gcatagóir speisialta (‘sonraí íogaire’) faoi RGCS agus EUDPR agus tugtar cosaint speisialta dóibh. Ní féidir le heagraíochtaí sonraí pearsanta íogaire a phróiseáil ach amháin má tá coimircí sonracha i bhfeidhm.

Gníomhaíocht pholaitiúil is ea tacaíocht a thabhairt do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus d’fhéadfadh sé tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnacha, gnéaschlaonadh etc., na sínitheoirí a nochtadh.

Mínítear in Aithris 12 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh an méid seo a leanas:

‘Cé go bhféadfadh sonraí íogaire a bheith san áireamh sna sonraí pearsanta a phróiseáiltear agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, i bhfianaise gur ionstraim de chuid an daonlathais rannpháirtíochta an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, tá údar le soláthar sonraí pearsanta a cheangal chun tacú le tionscnamh agus na sonraí sin a phróiseáil a mhéid is gá chun gur féidir ráitis tacaíochta a fhíorú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.’

I gcás ina meastar sonraí na sínitheoirí a bheith ina gcatagóir speisialta sonraí (‘sonraí íogaire’), is gá bearta breise a dhéanamh chun próiseáil dhleathach na sonraí sin a chinntiú. Go háirithe, tá sé éigeantach Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a cheapadh. I gcás ina bpróiseáiltear na sonraí sin ar scála mór, tá sé éigeantach measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh chomh maith.

TABHAIR DO D’AIRE:

Má dhéantar sonraí na sínitheoirí a phróiseáil faoi rialú comhpháirteach leis an gCoimisiún, déantar gach seirbhís de chuid an Choimisiúin a chur in oiriúint don chaoi a bhféadfadh na sonraí i gceist a bheith íogair. Go háirithe, déantar na sonraí uile a stóráil i bhfoirm chriptithe agus cumhdaítear an phróiseáil le measúnú tionchair ar chosaint sonraí. Déanann Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin monatóireacht ar chur chun feidhme a n-oibleagáidí arna dhéanamh ag an gCoimisiún faoi EUDRP maidir leis na hoibríochtaí próiseála a bhfuil an Coimisiún freagrach astu.

Tagairtí:

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?