Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Beartas príobháideachais maidir le sonraí pearsanta sínitheoirí a bhailítear tríd an lárchóras bailithe ar líne

An oibríocht phróiseála: Próiseáil sheoltaí ríomhphoist na sínitheoirí a bhailítear trí Lárchóras Bailithe ar Líne an Choimisiúin.

An Rialaitheoir Sonraí: Rialú Comhpháirteach idir, ar thaobh amháin, an Coimisiún Eorpach (Aonad an Rialaitheora Oibriúcháin SG.A.1 ‘Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre’) agus, ar an taobh eile, ionadaí ghrúpa d’eagraithe an tionscnaimh nó, i gcás inarb iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a chruthaigh sé.

Tagairt taifid: DPR-EC-03486

1. Réamhrá

Is ionstraim dhaonlathach rannpháirtíochta é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chuireann ar chumas saoránach athruithe praiticiúla dlí a mholadh i réimse ar bith ina bhfuil an chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach (“an Coimisiún” anseo feasta) reachtaíocht a mholadh. Is i Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a leagtar amach an creat dlíthiúil is infheidhme maidir leis an ionstraim sin.

Chun tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh atá bailí a thíolacadh don Choimisiún, ní mór do ghrúpa d'eagraithe tionscnaimh ar a laghad 1 mhilliún ráiteas tacaíochta a bhailiú ó shaoránaigh an Aontais, agus tairseacha sonrach a shroicheadh i 7 mBallstát ar a laghad. Nuair a thacaíonn tú le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh mar shínitheoir dá chuid, beidh sé de rogha agat do sheoladh ríomhphoist a sholáthar, más mian leat, chun go gcoinneoidh an Coimisiún agus an grúpa d'eagraithe ar an eolas thú faoi dhul chun cinn an tionscnaimh lena mbaineann.

Baineann an ráiteas príobháideachais seo le próiseáil do sheoltaí ríomhphoist a tugadh sa chomhthéacs thuas trí Lárchóras Bailithe ar Líne an Choimisiúin (‘COCS’ anseo feasta), ar córas é arna bhunú agus arna oibriú ag an gCoimisiún.

Na hoibríochtaí próiseála ar do sheoltaí ríomhphoist, déantar iad faoi rialú comhpháirteach an Choimisiúin ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, ionadaí ghrúpa d’eagraithe an tionscnaimh lena mbaineann, nó i gcás inarb iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a bhunaigh grúpa den sórt sin (‘grúpa d’eagraithe an tionscnaimh anseo feasta). Leagtar amach freagrachtaí agus dualgais an Choimisiúin agus na n-eagraithe ar bhealach trédhearcach i gcomhaontú maidir le rialú comhpháirteach. Tá eilimintí fíor-riachtanacha an chomhaontuithe sin ar fáil go poiblí anseo: https://citizens-initiative.europa.eu/how-it-works/data-protection_ga

Tá an Coimisiún tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Ar an gcaoi chéanna, tá na heagraithe tionscnaimh faoi réir na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar amach sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála na Rialaitheoirí Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, agus sonraí teagmhála an Oifigigh/na nOifigeach Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Is é cuspóir foriomlán sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh Rialachán (AE) 2019/788 a chur chun feidhme agus cead a thabhairt do shaoránaigh an Aontais an ceart a tugadh in Airteagal 11(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a fheidhmiú chun dul i dteagmháil leis an gCoimisiún go díreach le hiarratas lena n-iarrtar togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

Sa chomhthéacs sin, bailítear do sheoladh ríomhphoist chun gur féidir leis an gCoimisiún agus le heagraithe an tionscnaimh thú a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn an tionscnaimh lena mbaineann, faoi réir do thoiliú sainráite a fháil (‘rogha a bheith páirteach’).

Sa bhreis air sin, féadfar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs tacaíocht a thabhairt le hoibríochtaí próiseála, cuir i gcás iarrataí ó na hábhair sonraí a láimhseáil, seiceálacha cáilíochta teicniúla samplacha, oibríochtaí a theastaíonn chun cothabháil a dhéanamh ar an gcóras TF agus aon oibríocht den sórt sin a d’fhéadfaí a fhorordú le dlí.

D’fhéadfaí na sonraí pearsanta a phróiseáltar a athúsáid chun críoch nósanna imeachta os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh, na gcúirteanna náisiúnta, an Ombudsman Eorpaigh nó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do sheoladh ríomhphoist a phróiseáil?

Foráiltear go sainráite don phróiseáil chun na críche sin sa Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (Airteagal 18(2)). Mar gheall nach gá do sheoladh ríomhphoist a sholáthar chun tacú le tionscnamh, tá sé bunaithe ar do thoiliú follasach agus ar leithligh, i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725 (agus Airteagal 6(1)(a) de RGCS).

Ní chaitear le do sheoladh ríomhphoist mar shonraí íogaire, a bhfuil toirmeasc i bprionsabal ar a bpróiseáil faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 (agus Airteagal 9(1) de RGCS). Mar sin féin, d’fhéadfadh an t-idirnasc idir do shonraí agus an tionscnamh tacaithe faisnéis a nochtadh faoi do shláinte, do chuid tuairimí polaitiúla, fealsúnacha nó reiligiúnacha, cleamhnachtaí polaitiúla, saol gnéis nó gnéaschlaonadh, tionscnamh ciníoch nó eitneach nó fiú ballraíocht i gceardchumann ag brath ar ábhar gach tionscnaimh. Dá réir sin, d'fhéadfadh do shonraí pearsanta a bheith íogair siocair íogaireacht ábhar an tionscnaimh lena mbaineann.

I gcomhréir le hAirteagal 10(2)(a) de Rialachán (AE) 2018/1725 (agus Airteagal 9(2)(g) de RGCS), cé go bhféadfaí caitheamh le do shonraí mar chatagóir sonraí speisialta, is ceadmhach fós iad a phróiseáil ar an gcúis seo a leanas: ‘thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ar mhaithe le críoch sonraithe amháin nó níos mó (...)’.

4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?

Bailímid do sheoladh ríomhphoist chun thú a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn an tionscnaimh lena mbaineann, faoi réir do thoiliú follasach.

Thairis sin, chun gur féidir próiseáil éifeachtúil a dhéanamh ar na sonraí thuas, bailímid roinnt (meitea)sonraí a bhaineann le tarchur/cur isteach leictreonach an tseolta ríomhphoist, go háirithe an teanga a úsáideann do bhrabhsálaí, do sheoladh IP, am an ionchuir leictreonaigh. Coinnítear na (meitea)sonraí ar feadh tréimhse uasta sé mhí. Ina theannta sin, gintear aitheantóir uathúil go huathoibríoch nuair a chuirtear isteach do ráiteas tacaíochta. Scriostar an t-aitheantóir ag deireadh thréimhse choinneála an tseolta ríomhphoist.

5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Is é 1 mhí amháin tar éis tionscnamh a tharraingt siar nó 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse bailiúcháin nó tar éis an tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún an tréimhse choinneála chaighdeánach, faoi seach.

Cuirtear le fad na tréimhse coinneála caighdeánaí i gcás ina leagann an Coimisiún amach, trí bhíthin teachtaireachta, na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 15(2) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. I gcás den sórt sin, scriosfar na sonraí tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis an teachtaireacht a fhoilsiú.

Tá an méid sin gan dochar do do cheart díliostáil ó fhaisnéis a fháil faoi dhul chun cinn an tionscnaimh lena mbaineann ag tráth ar bith.

Is féidir leat díliostáil ach cliceáil ar an rogha sin nuair a gheobhaidh tú ríomhphost maidir le dul chun cinn tionscnaimh nó trí ríomhphost a scríobh chuig SG-ECI-mailing@ec.europa.eu agus scriosfar do sheoladh ríomhphoist in am trátha.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá bearta iomchuí chun dul i ngleic leis an tslándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Níl rochtain ach ag baill foirne an Choimisiúin atá údaraithe chuige sin go sonrach, bunaithe ar an bprionsabal “ar bhonn riachtanais eolais”, ar do shonraí nuair a dhéantar iad a stóráil sa lárchóras bailithe ar líne. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus, nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Féadfaidh eagraithe an tionscnaimh do sheoladh ríomhphoist a úsáid chun a gcuid teachtaireachtaí a sheoladh chugat féin agus chuig sínitheoirí eile trí fheidhmiúlacht thiomnaithe de chuid COCS, ach níl aon rochtain acu ar do shonraí pearsanta.

8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Féadfaidh tú do thoiliú do sheoladh ríomhphoist a phróiseáil a tharraingt siar am ar bith ach é a chur in iúl d'aon cheann de na Comhrialaitheoirí Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Thairis sin, tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725 (agus Caibidil III de RGCS), agus tá an ceart agat go háirithe do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcásanna áirithe, tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agus agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart agat maidir le hiniomparthacht sonraí.

Féadfaidh tú do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh le haon cheann de na Comhrialaitheoirí Sonraí nó (go háirithe i gcás easaontais) leis an Oifigeach/na hOifigigh Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.

Láimhseálfar aon iarraidh ar rochtain ar shonraí pearsanta laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil. Tabharfar aghaidh ar aon iarraidh eile a thagann faoi Airteagail 18 go 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 (agus Caibidil III de RGCS) taobh istigh de 15 lá oibre. Féadfar an tréimhse a fhadú dhá mhí eile ar a mhéid nuair is gá, agus castacht agus líon na n-iarratas á gcur san áireamh.

9. Sonraí teagmhála

Na Rialaitheoirí Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725 agus RGCS, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, téigh i dteagmháil le ceann de na Comhrialaitheoirí Sonraí.

- A mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún, bain úsáid as sonraí teagmhála an Rialaitheora Oibriúcháin Sonraí:

An Coimisiún Eorpach

Ardrúnaíocht

Stiúrthóireacht A ‘Straitéis, Rialáil Fheabhsaithe agus Rialachas Corparáideach’

Aonad A.1 ‘Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre’

B – 1049 an Bhruiséil

Teil. +32 2 29 92165

E-mail: SG-ECI-mailing@ec.europa.eu

- A mhéid a bhaineann le hionadaí an ghrúpa d'eagraithe, nó, i gcás inarb iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a chruthaigh an grúpa sin, féadfar teacht ar a sonraí teagmhála ar Chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar líne agus sa lárchóras bailithe ar líne nó ar leathanaigh ghréasáin shonracha an tionscnaimh lena mbaineann. Féach: https://citizens-initiative.europa.eu/find-initiative_ga.

Na hOifigigh Cosanta Sonraí

- Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta.

- Oifigeach Cosanta Sonraí an ghrúpa d’eagraithe (más ann dó)

I gcás ina bhfuil Oifigeach Cosanta Sonraí ainmnithe ag an ngrúpa d’eagraithe, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí sin ach úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála atá ar fáil ar Chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar líne agus sa lárchóras bailithe ar líne nó ar leathanaigh ghréasáin shonracha an tionscnaimh lena mbaineann. Féach: https://citizens-initiative.europa.eu/home_ga.

Na hÚdaráis Cosanta Sonraí

- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá an ceart agat gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

- Na hÚdaráis Náisiúnta Cosanta Sonraí

Tá an ceart agat freisin gearán a dhéanamh le húdarás náisiúnta inniúil cosanta sonraí, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ort, ina bhfuil d'ionad oibre nó ina bhfuil áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann tú go ndearnadh do shonraí a phróiseáil go neamhdhleathach. Féadfar teacht ar shonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí anseo: https://citizens-initiative.europa.eu/find-initiative_ga.

10. Cá háit ina bhfaighfear eolas breise?

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (DPO) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl do DPO. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: https://ec.europa.eu/info/about-european-commission/service-standards-and-principles/transparency/data-processing-register_ga.

Áirítear an oibríocht phróiseála shonrach sin ar chlár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-03486.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?