Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Conas tosú

Treoir

Treoir don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An t-eolas is gá a bheith agat

Leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, tugtar an deis duit dul i gcion ar cheapadh beartais an Aontais Eorpaigh. Spreagann sé díospóireacht ar na saincheisteanna a bhfuil do chroí is d’anam istigh iontu, agus ardaíonn sé feasacht maidir le húdair imní choiteanna.

Cad is gá duit a dhéanamh:

Tar éis do thionscnamh a scrúdú, tabharfaidh an Coimisiún freagraí maidir leis na bearta atá beartaithe aige a ghlacadh, más ann dá leithéid.

Agus tú ag plé le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, ní mór duit roinnt nósanna imeachta a leanúint. Féadfaidh sé go mairfidh tionscnamh ó na saoránaigh míonna, nó blianta fiú!

Tá an t-ullmhúchán ríthábhachtach. Chun cabhrú leat é sin a dhéanamh:

  • tá sonraí faoin bpróiseas iomlán ar an suíomh gréasáin seo
  • cuireann Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh treoir agus comhairle ar fáil maidir leis na gnéithe dlíthiúla agus praiticiúla a bhaineann le tionscnamh a bhainistiú, mar atá:
    • conas tionscnamh a dhréachtú
    • conas dul i gcomhar le daoine eile agus grúpa d’eagraithe a chur le chéile
    • conas sínithe a bhailiú…

Ba cheart go mbeifeá ar an eolas freisin, i do cháil mar eagraí, go mbeidh tú in ann an Lárchóras Bailithe Ar Líne a úsáid saor in aisce, ar lárchóras é atá á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach chun ráitis tacaíochta ar líne a bhailiú. Féadfar an córas a chur ar bun go tapa don tionscnamh agus cinntíonn sé comhlíonadh iomlán leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí.

Do thionscnamh a sheoladh

Agus do ghrúpa bunaithe agat, do thionscnamh dréachtaithe agat agus an t-eolas ar fad is gá bailithe agat, is gá duit iarraidh ar chlárú a thíolacadh.

Chun é sin a dhéanamh, ní mór d’ionadaí do ghrúpa d’eagraithe cuntas eagraithe a chur ar bun lena s(h)eoladh ríomhphoist (rud a bheidh le feiceáil ar an suíomh gréasáin seo nuair a chlárófar an tionscnamh) agus na réimsí éigeantacha a líonadh isteach.

Tabhair faoi deara: An chéad chéim a bhaineann le cuntas eagraithe a chruthú ná cuntas EU-login a chruthú. Ar an leathanach seo, feicfidh tú conas d’fhón póca a cheangal le do chuntas EU-login chun fíordheimhniú láidir dhá fhachtóir a chinntiú.  

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?