Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Beartas príobháideachais maidir le sonraí pearsanta sínitheoirí a bhailítear tríd an lárchóras bailithe ar líne

An oibríocht próiseála: Próiseáil sonraí sínitheoirí a bhailítear mar chuid de ráitis tacaíochta trí Lárchóras Bailithe Ar Líne an Choimisiúin

An Rialaitheoir Sonraí: Rialú Comhpháirteach idir, ar thaobh amháin, an Coimisiún Eorpach (Aonad an Rialaitheora Oibriúcháin SG.A.1 ‘Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre’) agus, ar an taobh eile, ionadaí ghrúpa d’eagraithe an tionscnaimh nó, i gcás inarb iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a chruthaigh sé

Tagairt taifid: DPR-EC-03486

1. Réamhrá

Is ionstraim dhaonlathach rannpháirtíochta é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chuireann ar chumas saoránach athruithe praiticiúla dlí a mholadh i réimse ar bith ina bhfuil an chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach (“an Coimisiún” anseo feasta) reachtaíocht a mholadh. Is i Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a leagtar amach an creat dlíthiúil is infheidhme maidir leis an ionstraim sin.

Chun tacú le tionscnamh ó na saoránaigh, ní mór duit sraith sonraí pearsanta a chur ar fáil mar chuid de ráiteas tacaíochta don tionscnamh. Ní mór do ghrúpa d’eagraithe TES ar a laghad 1 mhilliún ráiteas tacaíochta (‘SoSʼ anseo feasta) a bhailiú ó shaoránaigh an Aontais, agus tairseacha sonracha a shroicheadh i 7 dtír ar a laghad, sin agus ní mór do na Ballstáit na ráitis tacaíochta a bhailíochtú agus a dheimhniú chun an tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún mar cheann bailí.

Baineann an ráiteas príobháideachais seo le próiseáil do shonraí pearsanta a bhailítear mar chuid de ráiteas tacaíochta maidir le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh tríd an Lárchóras Bailithe ar Líne (‘COCSʼ anseo feasta), córas arna bhunú agus arna oibriú ag an gCoimisiún.

Na hoibríochtaí próiseála ar do shonraí, déantar iad faoi rialú comhpháirteach an Choimisiúin ar thaobh amháin, agus ar an taobh eile, ionadaí ghrúpa d’eagraithe an tionscnaimh lena mbaineann, nó i gcás inarb iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a bhunaigh grúpa den sórt sin (‘grúpa d’eagraithe an tionscnaimh anseo feasta). Thairis sin, i gcás inar cuireadh do shonraí a soláthraíodh i dtaca le ráiteas tacaíochta faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit fhreagraigh lena bhfíorú agus lena ndeimhniú, is iad na húdaráis sin a bhíonn ina rialaitheoirí sonraí a mhéid a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad.

Leagtar amach freagrachtaí agus dualgais an Choimisiúin agus na n-eagraithe ar bhealach trédhearcach i gcomhaontú maidir le rialú comhpháirteach. Tá eilimintí fíor-riachtanacha an chomhaontuithe sin ar fáil go poiblí anseo: https://citizens-initiative.europa.eu/how-it-works/data-protection_ga

Tá an Coimisiún tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseálann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Ar an gcaoi chéanna, tá eagraithe an tionscnaimh agus údarás na mBallstát faoi réir na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar amach sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do chuid sonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála na Rialaitheoirí Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh/na nOifigeach Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Leis an ráiteas príobháideachais seo, déantar forbairt agus forlíonadh ar théacs an ráitis phríobháideachais a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán TES ar cuid lárnach é den téacs sin (féach Ceannteideal 10 thíos).

NB. Ní chumhdaíonn an ráiteas príobháideachais seo próiseáil do shonraí pearsanta a tugadh mar ráiteas tacaíochta ar pháipéar. Sa chás sin, is faoi rialú sonraí eisiach ionadaí an ghrúpa d'eagraithe a dhéantar do shonraí a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh (go dtí go n-aistrítear chuig na Ballstáit iad lena bhfíorú). Is é an rialaitheoir sonraí sin atá freagrach ansin as an ráiteas príobháideachais ábhartha a sholáthar duit nuair a bhailítear do chuid sonraí ina mbeadh gnéithe suntasacha an ráitis phríobháideachais chaighdeánaigh ar a laghad faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III de Rialachán TSE. I gcás ina n-aistreoidh an Coimisiún na ráitis tacaíochta arna mbailiú chuig na Ballstáit lena bhfíorú ag baint úsáid as an tseirbhís malartaithe comhad faoi rialú comhpháirteach sonraí leis an Ionadaí, ní bheidh aon rochtain ag an gCoimisiún ar do shonraí agus ní bheidh sé in ann ráiteas príobháideachais breise a thabhairt duit. Ní chuirtear ar fáil sa ráiteas príobháideachais seo ach faisnéis ábhartha maidir le teorainneacha ama is infheidhme maidir le sonraí a choinneáil sa chás sin.

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Is é cuspóir foriomlán do shonraí a phróiseáil dá dtagraítear sa ráiteas príobháideachais seo Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur chun feidhme agus cead a thabhairt do shaoránaigh an Aontais an ceart a tugadh in Airteagal 11(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a fheidhmiú chun dul i dteagmháil leis an gCoimisiún go díreach le hiarratas lena n-iarrtar togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

Féadfaidh do shonraí a bheith faoi réir na bpríomhoibríochtaí próiseála seo a leanas:

  • Do ráiteas tacaíochta a bhailiú, an fhoirm ar líne nó an eID a úsáid, agus é a stóráil i COCS ina dhiaidh sin,
  • Do ráiteas tacaíochta a thíolacadh do na Ballstáit lena fhíorú,
  • Fíorú agus deimhniú do ráitis tacaíochta ag Ballstát do náisiúntachta (is faoi rialú údarás inniúil an Bhallstáit an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh).

Dá bhrí sin, féadfar na cuspóirí níos sonraí seo a leanas a shainaithint:

  • Cuir ar do chumas duit tacú le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar líne,
  • Aistriú slán do ráitis tacaíochta a chinntiú chuig an mBallstát inniúil lena fhíorú,
  • Cuir ar chumas údaráis inniúla an Bhallstáit sin (rialaitheoirí sonraí na hoibríochta próiseála sin) do ráiteas tacaíochta a fhíorú chun go mbeidh an Coimisiún in ann bailíocht tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh a dheimhniú, tionscnamh ar thug tú tacaíocht dó, tráth a thíolactar é lena scrúdú.

Sa bhreis air sin, féadfar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs oibríochtaí tacaíochta, cuir i gcás iarrataí ó na hábhair sonraí a láimhseáil, seiceálacha cáilíochta teicniúla samplacha, oibríochtaí a theastaíonn chun cothabháil a dhéanamh ar an gcóras TF agus aon oibríocht den sórt sin a d’fhéadfaí a fhorordú le dlí.

D’fhéadfaí sonraí pearsanta a phróiseáltar a athúsáid chun críoch nósanna imeachta os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh, na gcúirteanna náisiúnta, an Ombudsman Eorpaigh nó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid na sonraí pearsanta a thug tú mar chuid de ráiteas tacaíochta a phróiseáil ionas go mbeidh tú in ann do thacaíocht a léiriú le haghaidh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Déantar do chuid sonraí a phróiseáil chun an chúis atá le tionscnamh nithiúil a chur chun cinn, d’fhonn aird institiúidí an Aontais a dhíriú ar na saincheisteanna a chuirtear in iúl ann ar deireadh. Cé go gcuireann an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh le feidhmiú daonlathach an Aontais ar an gcaoi sin, déantar an phróiseáil ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/1725 (agus le hAirteagal 6(1)(e) de RGCS).

Thairis sin, i gcás an Choimisiúin, foráiltear in Airteagal 10 de Rialachán TES oibleagáid dhlíthiúil COCS a chur ar bun agus agus a oibriú chun bailiú na ráiteas tacaíochta ar líne a cheadú agus in Airteagal 12(3) an oibleagáid chun na ráitis tacaíochta a bailíodh trí COCS a chur faoi bhráid na mBallstát lena bhfíorú, i gcás ina bhfuil an líon ráiteas tacaíochta is gá sroichte (féach freisin Airteagal 12(2)). Tríd an bpróiseáil a dhéantar trí COCS (an t-aistriú san áireamh) a éascú, comhlíonann an Coimisiún oibleagáid dhlíthiúil agus dá bhrí sin tá an phróiseáil dleathach freisin ar bhonn Airteagal 5(1)(b) de Rialachán (AE) 2018/1725 (agus Airteagal 6(1)(c) de RGCS).

Na sonraí a sholáthraíonn tú mar chuid de ráiteas tacaíochta ní chaitear leo mar shonraí íogaire, a bhfuil toirmeasc i bprionsabal ar a bpróiseáil faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 (agus Airteagal 9(1) de RGCS). Mar sin féin, d’fhéadfadh an t-idirnasc idir do shonraí agus an tionscnamh tacaithe faisnéis a nochtadh faoi do shláinte, do chuid tuairimí polaitiúla, fealsúnacha nó reiligiúnacha, cleamhnachtaí polaitiúla, saol gnéis nó gnéaschlaonadh, tionscnamh ciníoch nó eitneach nó fiú ballraíocht i gceardchumann ag brath ar ábhar gach tionscnaimh. Dá réir sin, d'fhéadfadh do shonraí pearsanta a bheith íogair siocair íogaireacht ábhar an tionscnaimh lena mbaineann.

I gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g) de Rialachán (AE) 2018/1725 (agus Airteagal 9(2)(g) de RGCS), cé go bhféadfaí caitheamh le do shonraí mar chatagóir sonraí speisialta, is ceadmhach fós iad a phróiseáil ar an gcúis seo a leanas: ‘is gá an phróiseáil a dhéanamh ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais (...) a bheidh ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú, a urramóidh éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus a dhéanfaidh foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí a choimirciú’.

Soiléirítear an méid sin in Aithris (12) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh: ‘Cé go bhféadfadh sonraí íogaire a bheith san áireamh sna sonraí pearsanta a phróiseáilfear i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá údar, i bhfianaise gur ionstraim de chuid an daonlathais rannpháirtíochta an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, le soláthar sonraí pearsanta a cheangal chun tacú le tionscnamh agus leis na sonraí sin a phróiseáil a mhéid is gá chun gur féidir ráitis tacaíochta a fhíorú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta’.

4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun do thacaíocht le haghaidh tionscnamh ó na saoránaigh a chlárú, bailímid tacair sonraí fhéideartha dhifriúla, ag brath ar an modh tacaíochta a roghnaíonn tú agus ar do náisiúntacht.

Má líonann tú isteach an fhoirm ar líne don ráiteas tacaíochta, déantar ceann amháin den dá thacar sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhailiú faoi mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán TES:

Tacar A:

  • náisiúntacht,
  • céadainmneacha iomlána,
  • sloinnte,
  • áit chónaithe (sráid, uimhir, cód poist, cathair, tír),
  • dáta breithe.

Tacar B:

  • náisiúntacht,
  • céadainmneacha iomlána,
  • sloinnte,
  • uimhir aitheantais phearsanta/uimhir doiciméid aitheantais phearsanta,
  • an cineál uimhreach aitheantais phearsanta nó doiciméid aitheantais phearsanta.

De réir Airteagal 9(4) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, is ceadmhach do na Ballstáit cé acu tacar, A nó B, is mian leo a úsáid. An 1 Eanáir 2020 (tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh) roghnaigh 9 mBallstát Tacar A (DE, DK, EL, FI, FR, IE, LU, NL, SK), agus roghnaigh 18 mBallstát Tacar B (AT, BE, BG, CY, CZ, ET, ES, HR, HU, IT, MT, LT, LV, PL, PT, RO, SE and SI).

Féadfaidh na Ballstáit an rogha sin a athrú amach anseo, gan é a bheith léirithe sa ráiteas príobháideachais seo.

Má thacaíonn tú le TES trí do eID, déantar do shonraí pearsanta a iompórtáil ón gcóras náisiunta eID tar éis duit an fíordheimhniúchán a dhéanamh. Sainítear na sonraí lena mbaineann le Rialachán eIDAS, (Rialachán (AE) Uimh. 910/2014), mar seo a leanas:

  • sloinne/sloinnte reatha,
  • céadainm/céadainmneacha reatha,
  • dáta breithe,
  • aitheantóir uathúil.

De bhreis air sin, bailítear sonraí do náisiúntacht sa chás sin bunaithe ar do rogha córas náisiúnta eID ábhartha, córas lena fhíordheimhníonn tú thú féin.

Thairis sin, chun an phróiseáil a dhéanamh go héifeachtúil, bailímid roinnt sonraí/meiteashonraí a bhaineann leis an ráiteas tacaíochta a tharchuirtear/a chuirtear isteach go leictreonach, is é sin do sheoladh IP, sonraí an nasctha, an t-am a thóg sé an fhoirm a chur isteach sa lárchóras bailithe ar líne go leictreonach. Coinnítear na (meitea)sonraí ar feadh tréimhse uasta sé mhí. Sa bhreis air sin, gintear aitheantóir ráitis tacaíochta uathúil go huathoibríoch do gach ráiteas tacaíochta a chuirtear isteach. Scriostar an t-aitheantóir ag deireadh thréimhse an bhailithe. I gcás inar thug an t-ábhar sonraí seoladh ríomhphoist, scriostar an t-aitheantóir ag deireadh thréimhse choinneála an tseolta ríomhphoist.

5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Is é 21 mhí an tréimhse choinneála chaighdeánach ó thús na tréimhse bailiúcháin.

Déantar an tréimhse choinneála chaighdeánach a ghiorrú sna cásanna seo a leanas:

  • téann sé in éag 1 mhí amháin tar éis an tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, agus
  • téann sé in éag 1 mhí amháin tar éis an tionscnamh a tharraingt siar, má tharraingítear siar é tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, mar a thagraítear dó in Airteagal 7 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh

Cuirtear le fad na tréimhse coinneála caighdeánaí más gá chun críche imeachtaí dlí nó riaracháin a bhaineann leis an tionscnaimh lena mbaineann. I gcás den sórt sin, scriosfar sonraí 1 mhí amháin ar a dhéanaí tar éis na himeachtaí sin a thabhairt chun críche le cinneadh críochnaitheach.

I gcomhthéacs phaindéim COVID-19, cuirtear síneadh leis na tréimhsí caighdeánacha coinneála sonraí a bhunaítear in Airteagal 19(5) de Rialachán TES i gcás tionscnaimh a ndéantar a dtréimhse bailithe sonraí a fhadú ar bhonn Rialachán (AE) 2020/1042 - is é 12 mhí uastréimhse na síntí.

Baineann na tréimhsí coinneála sonraí thuasluaite leis na cásanna seo a leanas:

  • stóráil ar sheirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin na ráiteas tacaíochta a bailítear i bhfoirm páipéir agus a uaslódálann eagraithe tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh ar mhaithe lena n-aistriú chuig Ballstáit lena bhfíorú, agus
  • na Ballstáit i gcás ina ndéanann siad na ráitis tacaíochta a bailíodh a fhíorú.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhaíochtaí iomchuí chun dul i ngleic leis an tslándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go dtabharfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca atá i gceist le próiseáil agus cineál na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Níl rochtain ach ag baill foirne an Choimisiúin atá údaraithe chuige sin go sonrach, bunaithe ar an bprionsabal “ar bhonn riachtanais eolais”, ar do shonraí nuair a dhéantar iad a stóráil sa lárchóras bailithe ar líne. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus, nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

I gcás inar bailíodh an líon ráiteas tacaíochta is gá maidir leis an tionscnamh lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún (arna iarraidh ag na heagraithe) iad faoi bhráid údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as fíorú agus deimhniú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 12(2) agus 12(3) de Rialachán TES.

8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725 (agus Caibidil III de RGCS), agus tá an ceart agat go háirithe do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcásanna áirithe, tá an ceart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agus agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála.

A mhéid a bhaineann le hagóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, ní mór feidhmiú an chirt sin a bheith bunaithe ar chúiseanna a bhaineann go sonrach le do chás féin.

Féadfaidh tú do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh le haon cheann de na Comhrialaitheoirí Sonraí nó (go háirithe i gcás easaontais) leis an Oifigeach/na hOifigigh Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríocht phróiseála shonrach amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarraidh.

Láimhseálfar aon iarraidh ar rochtain ar shonraí pearsanta laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil. Tabharfar aghaidh ar aon iarraidh eile a thagann faoi Airteagail 18 go 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 (agus Caibidil III de RGCS) taobh istigh de 15 lá oibre. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh dhá mhí eile ar a mhéid nuair is gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh.

9. Sonraí teagmhála

Na Rialaitheoirí Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725 agus RGCS, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, téigh i dteagmháil le ceann de na Comhrialaitheoirí Sonraí.

- A mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún, bain úsáid as sonraí teagmhála an Rialaitheora Oibriúcháin Sonraí:

an Coimisiún Eorpach

An Ardrúnaíocht

Stiúrthóireacht A “Straitéis, Rialáil Fheabhsaithe agus Rialachas Corparáideach”

Aonad A.1 “Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre”

B – 1049 An Bhruiséil

Teil. +32 2 29 92165

Ríomhphost: SG-ECI-mailing@ec.europa.eu

- A mhéid a bhaineann le hionadaí an ghrúpa d'eagraithe, nó, i gcás inarb iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a chruthaigh an grúpa sin, féadfar teacht ar a sonraí teagmhála ar Chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar líne agus sa lárchóras bailithe ar líne nó ar leathanaigh ghréasáin shonracha an tionscnaimh lena mbaineann. Féach: https://citizens-initiative.europa.eu/find-initiative_ga.

I gcás inar cuireadh do shonraí a soláthraíodh i dtaca le ráiteas tacaíochta faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit fhreagraigh lena bhfíorú agus lena ndeimhniú, is iad na húdaráis sin a bhíonn ina rialaitheoirí sonraí a mhéid a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad. Féadfaidh tú do thuairimí, ceisteanna nó iarrtaí maidir le próiseáil do shonraí a sheoladh chucu ach úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála atá ar fáil anseo: https://citizens-initiative.europa.eu/how-it-works/data-protection_ga.

Na hOifigigh Cosanta Sonraí

- Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta.

- Oifigeach Cosanta Sonraí an ghrúpa d’eagraithe (más ann dó)

I gcás ina bhfuil Oifigeach Cosanta Sonraí ainmnithe ag an ngrúpa d’eagraithe, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí sin ach úsáid a bhaint as na sonraí teagmhála atá ar fáil ar Chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar líne agus sa lárchóras bailithe ar líne nó ar leathanaigh ghréasáin shonracha an tionscnaimh lena mbaineann. Féach: https://citizens-initiative.europa.eu/find-initiative_ga.

Na hÚdaráis Cosanta Sonraí

- An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

- Na hÚdaráis Náisiúnta Cosanta Sonraí

Tá an ceart agat freisin gearán a dhéanamh le húdarás náisiúnta inniúil cosanta sonraí, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ort, ina bhfuil d'ionad oibre nó ina bhfuil áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann tú go ndearnadh do shonraí a phróiseáil go neamhdhleathach. Féadfar teacht ar shonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí anseo: https://citizens-initiative.europa.eu/how-it-works/data-protection_ga.

10. Cá háit ina bhfaighfear eolas breise?

Leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán TES gnéithe lárnacha an ráitis phríobháideachais do na ráitis tacaíochta a bhailítear ar líne tríd an Lárchóras Bailithe ar Líne mar seo a leanas:

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), ní úsáidfear do chuid sonraí pearsanta a sholáthróidh tú ar an bhfoirm seo ach amháin chun tacú leis an tionscnamh agus cuirfear ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla iad chun críche fíorú agus deimhniú amháin. Tá tú i dteideal a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach nó ar ionadaí ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh nó, i gcás inarb iomchuí, ar an eintiteas dlíthiúil a chruthaigh sé rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, mar aon leis na sonraí sin a cheartú, a scriosadh agus a bpróiseáil a shrianadh. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach do chuid sonraí a stóráil ar feadh tréimhse uasta coinneála de 1 mhí amháin tar éis an tionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh nó 21 mhí tar éis thús na tréimhse bailiúcháin, cibé acu is túisce. Féadfar iad a choinneáil níos faide ná na teorainneacha ama sin i gcás imeachtaí riaracháin nó dlí, is é sin ar feadh 1 mhí amháin ar a mhéad tar éis na himeachtaí sin a thabhairt i gcrích. Gan dochar d'aon réiteach riaracháin ná breithiúnach eile, beidh an ceart agat gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó le húdarás cosanta sonraí am ar bith, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ort, san ionad oibre nó in áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann tú go ndearnadh do shonraí a phróiseáil go neamhdhleathach. Is iad an Coimisiún Eorpach agus ionadaí ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh nó, i gcás inarb iomchuí, an t-eintiteas dlíthiúil a chruthaigh sé atá ina rialaitheoirí comhpháirteacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1725 agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus is féidir dul i dteagmháil leo trí úsáid a bhaint as na mionsonraí a sholáthraítear ar an bhfoirm seo. Tá sonraí teagmhála oifigigh cosanta sonraí an ghrúpa d'eagraithe (más ann dóibh) ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscnaimh i gclár an Choimisiúin Eorpaigh, dá bhforáiltear i bpointe 4 ar an bhfoirm seo. Is féidir teacht ar shonraí teagmhála oifigigh cosanta sonraí an Choimisiúin Eorpaigh, an údaráis náisiúnta a gheobhaidh agus a phróiseálfaidh do shonraí pearsanta, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus sonraí teagmhála na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí anseo: http://ec.citizens-initiative.europa.eu/public/data-protection’.

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (DPO) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl do DPO. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Áirítear an oibríocht phróiseála shonrach sin ar chlár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-03486.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?