Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An scéala is déanaí

Star award icon
  • 26/02/2026
European Commission replies to ‘My Voice My Choice: For Safe and Accessible Abortion’ initiative
Níl an nuacht le fáil i nGaeilge ach féadfar é a aistriú go huathoibríoch ar an leathanach "An nuacht is déanaí".

Today, the European Commission adopted its reply to the twelfth successful European citizens' initiative: 'My Voice My Choice: For Safe and Accessible Abortion’. The initiative collected over 1.1 million valid signatures from citizens across the EU and reached required thresholds in 19 Member States.

Read the Commission communication.

 

Visit of the organisers of the European citizens' initiative "Stop Destroying Videogames", to the European Commission
  • 24/02/2026
Fáilte curtha ag an gCoimisiún Eorpach roimh eagraithe an 14ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis

I gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tugadh an deis d’eagraithe ‘Stop Destroying Videogames’ cuspóirí a dtionscnaimh a mhíniú go mion. Chuir an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas, Henna Virkkunnen, agus an Coimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas, an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, Michael McGrath, in éineacht le hoifigigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, fáilte rompu an 23 Feabhra 2026.

A diverse group of people hold signs that say "People Democracy Resilience" and "Our Future". The event information is shown: ECI Day on March 3, 2026, during Civil Society Week. The European Economic and Social Committee logo is visible.
  • 23/02/2026
Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh an 3 Márta 2026 – le rannpháirtíocht an Choimisinéara Šefčovič

Beidh an chéad eagrán eile de Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar siúl Dé Máirt, an 3 Márta 2026, mar chuid de Sheachtain na Sochaí Sibhialta. Is é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a eagraíonn an t-imeacht faoin teideal ‘Daoine, Daonlathas, Athléimneacht – Ár dTodhchaí!

Ar Lá an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, tugtar le chéile lucht eagrúcháin, an tsochaí shibhialta agus institiúidí an Aontais chun smaointe agus dea-chleachtais a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a phlé agus a mhalartú, agus líonrú a dhéanamh. Beidh díospóireachtaí painéil ardleibhéil agus ceardlanna praiticiúla ann.

Tabharfaidh Maroš Šefčovič, an Coimisinéir Eorpach um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, agus um an gCaidreamh agus an Trédhearcacht Idirinstitiúideach, atá freagrach as an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, aitheasc do na rannpháirtithe ag an seisiún clabhsúir.

Ócáid hibrideach a bheidh ann, agus beidh daoine rannpháirteach sa Bhruiséil nó ar líne. Dúnfar an clárú an 25 Feabhra.

New initiative registered
  • 10/02/2026
Tá tionscnamh ó na saoránaigh maidir le madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe cláraithe go páirteach ag an gCoimisiún

An 10 Feabhra, rinne an Coimisiún tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, mar atá ‘Tionscnamh de chuid an Aontais chun madraí fáin, cait fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe a chosaint san Aontas/i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad’, a chlárú go páirteach. 

Iarrann na heagraithe ar an gCoimisiún ‘neartú a dhéanamh ar chosaint madraí fáin, cat fáin agus ainmhithe in ionaid dídine ainmhithe san Aontas, agus a chinntiú nach gcuirfidh gníomhaíocht an Aontais i dtríú tíortha le fulaingt ainmhithe’. 

Níor chomhlíon roinnt gnéithe de chuspóirí na n-eagraithe na critéir inghlacthachta chun tionscnamh ó na saoránaigh a chlárú, agus sin an fáth ar cláraíodh go páirteach é. Féach an Cinneadh ón gCoimisiún le haghaidh tuilleadh sonraí. 

Lean an clárú páirteach nós imeachta dhá chéim inar iarradh ar na heagraithe, mar chéim thosaigh, a dtionscnamh tosaigh a leasú, agus an chéad mheasúnú ón gCoimisiún á chur san áireamh.  

Tá sé mhí ag na heagraithe chun bailiúchán na sínithe a oscailt.  

New initiative registered
  • 29/01/2026
Tionscnamh nua cláraithe: ‘Cuirtear deireadh le cogadh na Rúise a mhaoiniú: Deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha díobhálacha gan mhaith ón Rúis isteach san Aontas’

An 29 Eanáir chláraigh an Coimisiún Eorpach tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Cuirtear deireadh le cogadh na Rúise a mhaoiniú: Deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha díobhálacha gan mhaith ón Rúis isteach san Aontas’.

Leis an tionscnamh seo, iarrtar ar an gCoimisiún bearta a mholadh chun deireadh a chur leis na spleáchais iompórtála ón Rúis agus ón mBealarúis atá fós ag an Aontas trí thoirmisc earnála nó céimniú amach cinntitheach a thabhairt isteach.

Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh chun bailiúchán na sínithe a oscailt.

 

Initiative reaches 1m
  • 26/01/2026
An 14ú tionscnamh bailí dar teideal ‘Stop Destroying Videogames’ [‘Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh’] curtha faoi bhráid an Choimisiúin lena scrúdú

An 26 Eanáir 2026, chuir eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Stop Destroying Videogames’ faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh é lena scrúdú, tar éis céim an fhíorúcháin a bheith curtha i gcrích go rathúil. 

Tá 1,294,188 ráiteas tacaíochta bhailíochtaithe ó shaoránaigh an Aontais faighte ag an 14ú tionscnamh ar éirigh leis, líon a sháraíonn an t-íosmhéid is gá, is é sin aon mhilliún ráiteas, agus a bhain an líon íosta amach i 24 mBallstát.

Iarrann eagraithe an tionscnaimh ar an gCoimisiún ceanglas a thabhairt isteach d’fhoilsitheoirí a dhíolann nó a cheadúnaíonn físchluichí san Aontas na cluichí sin a fhágáil i staid fheidhmiúil, chun cosc a chur ar fhoilsitheoirí físchluichí a dhíchumasú go cianda.

Tá go dtí an 27 Iúil 2026 ag an gCoimisiún chun a fhreagra oifigiúil a chur i láthair lena dtabharfar cur síos ar na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh, más ann dóibh. Féach an méid a tharlóidh idir an dá linn: Céim ar chéim.

Logo composed of the EU flag with graphic elements and the words European Econoomic and Social Committee
  • 14/01/2026
Díospóireacht faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Mo ghuth, mo rogha’ i seisiún iomlánach CESE

Beidh díospóireacht ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) faoin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis dar teideal ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le Ginmhilleadh Sábháilte Inrochtana’ ag an seisiún iomlánach a bheidh ann Dé Céadaoin, an 21 Eanáir 2026. Baineann an díospóireacht le glacadh na tuairime ó CESE maidir leis an tionscnamh seo.

Tá sruthú gréasáin ar fáil.

New initiative registered
  • 05/01/2026
Tionscnamh nua cláraithe: ‘Eitic, Trédhearcacht agus Sláine do Pháirtithe Polaitiúla Eorpacha’

An 5 Eanáir chláraigh an Coimisiún Eorpach tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Eitic, Trédhearcacht agus Sláine do Pháirtithe Polaitiúla Eorpacha’.

Leis an tionscnamh, iarrtar ar an gCoimisiún ‘samhail Eorpach de rialachas eiticiúil a cheapadh bunaithe ar thrédhearcacht, ar shláine agus ar fhreagracht chomhroinnte’. Tá sé mhí ag eagraithe an tionscnaimh chun bailiúchán na sínithe a oscailt.

Is é seo an chéad tionscnamh a cláraíodh in 2026, agus an 125ú ceann ó bhí 2012 ann.

A group of people in front of the EU flag
  • 12/12/2025
Fáilte curtha ag an gCoimisiún Eorpach roimh eagraithe an 13ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis

I gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tugadh an deis d’eagraithe ‘Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach’ cuspóirí a dtionscnaimh a mhíniú go mion. Chuir an Coimisinéir um Chomhionannas, Hadja Lahbib, agus oifigigh an Choimisiúin Eorpaigh fáilte rompu an 12 Nollaig 2025.

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?