Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Beartas príobháideachais maidir le sonraí pearsanta eagraithe tionscnaimh ó na saoránaigh i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

An oibríocht phróiseála: An ‘Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh’ a chur chun feidhme agus clár na dtionscnamh ó na saoránaigh a sholáthar

An Rialaitheoir Sonraí: an Coimisiún Eorpach

An Rialaitheoir Oibriúcháin Sonraí: Aonad SG.A.1 ‘Tosaíochtaí Beartais & Clár Oibre’

Tagairt taifid: DPR-EC-00068

1. Réamhrá

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do chuid sonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Oibriúcháin Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Baineann an ráiteas príobháideachais seo leis an oibríocht phróiseála “An ‘Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh’ a chur chun feidhme agus clár le haghaidh tionscnaimh ó na saoránaigh a sholáthar” a dhéanann Aonad SG.A.1 an Choimisiúin Eorpaigh, ‘Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre’.

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Bailímid agus úsáidimid do shonraí pearsanta chun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur chun feidhme.

Tugadh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh isteach faoi Chonradh Liospóin agus tá sé i bhfeidhm ó mhí Aibreáin 2012 i leith, dáta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 211/2011 lena gcuirtear forálacha an Chonartha chun feidhme. An 1 Eanáir 2020 tháinig Rialachán (AE) 2019/788 in ionad an chéad Rialacháin maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, féadfaidh aon mhilliún saoránach ó cheathrú cuid, ar a laghad, de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach gníomh dlí a mholadh i gcásanna ina bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún sin a dhéanamh.

Foráiltear leis an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh go ndéanfar tionscnaimh bheartaithe na saoránach a chlárú agus go gcuirfidh an Coimisiún in iúl don phobal iad.

Sa chomhthéacs sin, agus inár gcáil mar Eagraí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, déanaimid do shonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil, go háirithe chun a mheas an gcomhlíonann tú na ceanglais atá ann chun bheith i d’eagraí ar thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (comhalta éigeantach nó breise den ghrúpa d’eagraithe nó duine teagmhála breise de na heagraithe), cibé ar bunaíodh an t-eintiteas dlíthiúil lena mbaineann tú i gcomhréir le hAirteagal 5(7) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, agus chun ligean don Choimisiún agus do na saoránaigh teagmháil a dhéanamh leat mar eagraí an tionscnaimh.

Thairis sin, cuireann an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh oibleagáidí sonracha ar an gCoimisiún a mhéid a bhaineann le trédhearcacht chistiú na dtionscnamh.  I gcásanna áirithe a leagtha amach in Airteagal 17(2) agus (3) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, féadfaidh sé a bheith de cheangal ar an gCoimisiún do shonraí pearsanta a phróiseáil ina cháil mar urraitheoir nó gearánaí sa chuid neamhphoiblí de Chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Tá sé riachtanach sonraí agus doiciméid na n-eagraithe, na n-urraí agus na ngearánaithe a phróiseáil chun ceanglais reachtúla an Rialacháin maidir leis an Tionscnamh ó na saoránaigh a chomhlíonadh. Mar sin féin, ar bhonn prionsabail, aon sonraí pearsanta a bhaineann le duine aonair atá ag gníomhú mar urraitheoir i gcáil phearsanta, ní fhoilseoidh an Coimisiún iad ar shuíomh gréasáin TES ach amháin má iarrann na heagraithe an méid sin go sonrach agus go gcuireann siad fianaise ar fáil chun cead sonrach a léiriú gur aontaigh an duine go bhfoilseofaí iad.

Próiseáil sonraí pearsanta na n-oifigeach (pointí teagmhála) ó na húdaráis náisiúnta atá bainteach le cur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, iad siúd atá freagrach as córais bailithe aonair ar líne a dheimhniú, as próiseas fíoraithe na ráiteas tacaíochta a chomhordú agus as na deimhnithe ábhartha agus Pointí Teagmhála Náisiúnta an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a chur ar fáil, tá gá leis an bpróiseáil sin chun comhar leis na riaracháin sin a éascú chun a chinntiú go gcuirtear an Rialachán maidir leis an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh i bhfeidhm mar is ceart ar an leibhéal náisiúnta, sin agus an t-ionchur uathu trí ghrúpa Saineolaithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus trí Choiste Coisteolaíochta an Tionscnaimh ó na Saoránaigh. Féadfar seoltaí ríomhphoist oifigeach náisiúnta inaitheanta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, i gcás ina gcuireann na Ballstáit lena mbaineann na seoltaí ríomhphoist sin ar fáil mar chuid de shonraí teagmhála a n-údarás ábhartha, agus sa chás sin amháin.

Ar deireadh, i gcomhthéacs na n-oibleagáidí atá ar an gCoimisiún feasacht an phobail a ardú maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a bheith ann, agus maidir le cuspóirí agus feidhmiú an tionscnaimh sin trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus feachtais faisnéise, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, féadfaidh an rialaitheoir oibríochtúil dul i dteagmháil le heagraithe an tionscnaimh chun cuireadh a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh ar bhonn deonach sna gníomhaíochtaí cumarsáide agus comhairliúcháin a eagraíonn an Coimisiún.

Déanaimid do shonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ar an gcaoi seo a leanas:

Déantar cuid den phróiseáil ar do shonraí pearsanta trí oibríochtaí uathoibríocha. Baineann an méid seo a leanas le hábhar go háirithe:

  • Déanann eagraithe an tionscnaimh Sonraí Pearsanta agus cóipeanna de na doiciméid chun do chéannacht a chruthú agus lena dtugtar cruthúnas go gcomhlíontar na ceanglais a bhaineann le náisiúntacht, cónaí agus aois a thíolacadh chuig an gCoimisiún mar chuid den iarraidh ar chlárú trí fhoirm chláraithe a úsáid ar láithreán gréasáin poiblí Chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Cuirtear iad go huathoibríoch le bunachar sonraí Chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus déantar cóip de a chlárú sa chóras bainistíochta doiciméad Ares de chuid an Choimisiúin.
  • Cuirtear admhálacha fála na hiarrata cláraithe, ar a bhfuil sonraí pearsanta na n-eagraithe, chuig seoltaí ríomhphoist an teagmhálaí go huathoibríoch, agus seoltar cóip chuig bosca ríomhphoist feidhmiúil an Choimisiúin;
  • Cuirtear teachtaireachtaí uathoibríocha chuig na heagraithe (chuig seoltaí ríomhphoist an teagmhálaí agus chuig seoltaí ríomhphoist breise na n-eagraithe (má roghnaítear amhlaidh)), mar dhearbhú ar na hoibríochtaí éagsúla atá déanta ag na heagraithe a úsáideann cuntas eagraí agus nuair a bhaineann an tionscnamh garspriocanna éagsúla amach (agus seoltar cóip gach uile uair chuig bosca ríomhphoist feidhmiúil an Choimisiúin);
  • Teachtaireachtaí a sheoltar idir an Coimisiún agus na heagraithe trí úsáid a bhaint as foirmeacha teagmhála (idir ‘comhéadan riaracháin’ Chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus an ‘cuntas eagraí’), cuirtear cóip díobh go huathoibríoch chuig seoltaí ríomhphoist na dteagmhálaithe agus chuig bosca ríomhphoist feidhmiúil an Choimisiúin;
  • Foilsítear sonraí pearsanta dhaoine teagmhála an tionscnaimh go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 6(7) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a mhéid atá siad mar chuid de na cinntí maidir le hiarrataí ar chlárú nó le cinntiú lena ndiúltaítear clárú;
  • Déantar sonraí (ainmneacha agus seoltaí ríomhphoist) na n-eagraithe a fhoilsiú go huathoibríoch ar chomhéadan poiblí Chlár Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh tar éis an tionscnamh an chlárú.

Is de láimh a dhéantar oibríochtaí eile a bhaineann le do shonraí. Seo a leanas na hoibríochtaí faoi leith atá i gceist:

  • Déantar seiceálacha de láimh ar an bhfaisnéis agus ar chruthúnais arna dtíolacadh de réir Iarscríbhinn II den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh mar chuid den nós imeachta clárúcháin, chun a dheimhniú go gcomhlíonann na heagraithe na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán;
  • Na hathruithe maidir le comhdhéanamh an ghrúpa d'eagraithe a láimhseáil de réir Airteagal 5(4);
  • Teachtaireachtaí Outlook is féidir a mhalartú le heagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh agus ábhair sonraí eile;
  • Láimhseáil urraitheoirí eagraithe maidir le trédhearcacht tionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh;
  • Iarrataí ar fhaisnéis bhreise agus gearáin a bhaineann le trédhearcacht chistiú na dtionscnamh a láimhseáil;
  • Iarrataí ó ábhair sonraí a láimhseáil;
  • Malartuithe le húdaráis inniúla na mBallstát.

Thairis sin:

  • Féadfar sonraí na n-eagraithe a phróiseáil de láimh ar mhodhanna leictreonacha, seoladh trí ríomhphost ina measc;
  • Féadfar roinnt doiciméad a bhaineann leis an tionscnamh agus ina bhfuil sonraí na n‑eagraithe a chlárú i gcóras bainistithe doiciméad an Choimisiúin, Ares;
  • Sonraí atá sna cinntí maidir le hiarraidh ar chlárú agus an chumarsáid mar fhreagra ar thionscnamh bailí, tá siad faoi réir a bhfoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

  1. Más eagraí tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh thú (comhalta de ghrúpa d'eagraithe nó duine teagmhála breise) le haghaidh tionscnamh a bhfuil a chlárú iarrtha ar an gCoimisiún, próiseálfaidh an Coimisiún na sonraí pearsanta atá tíolactha agat sa chomhthéacs seo, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) go (4) agus Airteagal 6(2) agus (3) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Féadfar do shonraí pearsanta a phróiseáil freisin má tíolacadh iad i gcomhthéacs Phointe 7 d'Iarscríbhinn II den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Thairis sin, más ionadaí nó ionadaí malartach den ghrúpa d’eagraithe thú, foilseofar d’ainm mar chuid den chinneadh maidir le clárú nó den chinneadh lena ndiúltaítear clárú i gcomhréir le hAirteagal 6(7) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
  2. I gcás ina bhfuil clárú do thionscnaimh bheartaithe deimhnithe ag an gCoimisiún, beidh d'ainm, mar eagraí tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh (comhalta den ghrúpa d'eagraithe) le feiceáil go poiblí ar shuíomh gréasáin Chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Chomh maith leis sin, más ionadaí nó ionadaí malartach thú de ghrúpa d'eagraithe an tionscnaimh sin, déanfar do sheoladh ríomhphoist a fhoilsiú freisin. Foráiltear don fhoilsiú sin le fonóta (1) in Iarscríbhinní II agus VII den Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
  3. Más urra tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh thú (i gcáil phearsanta) nó má thíolacann tú gearán a bhaineann le trédhearcacht cistiúcháin tionscnaimh, féadfar do shonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn Airteagal 17 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Mar sin féin, ar bhonn prionsabail, aon sonraí pearsanta a bhaineann le duine nádúrtha atá ag gníomhú mar urraitheoir, ní fhoilseoidh an Coimisiún iad ar shuíomh gréasáin TES ach amháin má iarrann na heagraithe an méid sin go sonrach agus go gcuireann siad fianaise ar fáil chun cead sonrach a léiriú gur aontaigh an duine go bhfoilseofaí iad; 
  4. Más oifigeach thú de chuid an riaracháin náisiúnta a bhfuil baint aige le cur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, féadfar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs Airteagail 4(6), 11(3), 12, 20, 22 agus 23 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

I ngach aon cheann de na trí chás thuas, is dleathach próiseáil do shonraí pearsanta de réir Airteagal 5(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2018/1725 ar na cúiseanna seo a leanas:

(a) is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais; agus

(b) is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

I gcásanna eisceachtúla, ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, foilseoidh an Coimisiún ainm duine aonair atá ag gníomhú mar urraitheoir mar aon leis an méid a soláthraíodh ar iarraidh shainráite ó na heagraithe agus cuirfidh sé i láthair fianaise ó thoiliú sainráite an duine sin le foilsiú (Airteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 6(1)(a) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).

Leo féin, ní thagann do shonraí próiseáilte faoi aon cheann de na catagóirí speisialta de shonraí pearsanta íogaire atá liostaithe faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé go nochtfaí tuairimí polaitiúla na n-eagraithe nó na n-urraí mar gheall ar an tionscnamh atá á eagrú nó á mhaoiniú acu. Mar sin de, d’fhéadfadh do shonraí a bheith íogair siocair íogaireacht pholaitiúil an tionscnaimh lena mbaineann. Ag brath ar íogaireacht do thionscnaimh bheartaithe, d’fhéadfaí a mheas gur sonraí a nochtann tuairimí polaitiúla iad do shonraí.

Sa chás sin, ní bheidh cosc ar an bpróiseáil mar go bhfuil gá leis ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais (an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh) atá comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, a urramaíonn éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus lena ndéantar foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun do chearta bunúsacha agus do leasanna a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(g). Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh, bunaithe ar chúiseanna dosháraithe dlisteanacha a bhaineann go sonrach le do chás féin, in aghaidh foilsiú do shonraí pearsanta, mar a fhoráiltear i bhfonóta (1) d'Iarscríbhinní II agus VII den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chur chun feidhme, déanaimid na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas a bhailiú agus a phróiseáil:

Más duine de chomhaltaí éigeantacha den ghrúpa d'eagraithe thú nó más duine teagmhála breise den ghrúpa d'eagraithe thú, arna ainmniú faoin dara fomhír d'Airteagal 5(3) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh:

  • ainm iomlán,
  • seoladh poist,
  • dáta breithe,
  • náisiúntacht.
  • Thairis sin, déantar cóipeanna de dhoiciméid iomchuí a bhailiú agus a phróiseáil a thugann cruthúnas faoi cé thú féin agus cruthúnas go gcomhlíonann tú na ceanglais a bhaineann le náisiúntacht, cónaí agus aois.

Más duine teagmhála den ghrúpa d'eagraithe thú (ionadaí nó ionadaí malartach), déanaimid do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir theileafóin a bhailiú agus a phróiseáil freisin.

Más duine de chomhaltaí breise an ghrúpa d’eagraithe thú, déanaimid d’ainm iomlán a bhailiú agus a phróiseáil.

I gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta le feiceáil mar chuid den doiciméadacht a thíolaic an grúpa d’eagraithe i gcomhthéacs Phointe 7 d’Iarscríbhinn II den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, braitheann cineál na sonraí a phróiseáltar ar an dlí náisiúnta is infheidhme.

Más urra an tionscnaimh thú (i gcáil phearsanta) nó má thíolacann tú gearán a bhaineann le trédhearcacht cistiúcháin tionscnaimh, i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh:

  • ainm iomlán agus an méid a cuireadh ar fáil mar urraitheoir an tionscnaimh,
  • na sonraí pearsanta a sholáthair tú mar ghearánaí (seoladh ríomhphoist de rogha).

Más oifigeach (pointe teagmhála) thú de chuid na n-údarás náisiúnta a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, féadfaimid d’ainm, do ról agus do sheoladh ríomhphoist a bhailiú agus a phróiseáil.

5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Déanfar sonraí pearsanta nach bhfoilsítear, sonraí pearsanta a bhaineann le tionscnaimh nár cláraíodh ina measc, a choinneáil i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar feadh tréimhse 5 bliana ar a mhéad.

Cuirtear tús leis an tréimhse seo de ghnáth ó dháta an ghnímh dheireanaigh a glacadh maidir leis an tionscnamh lena mbaineann i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Mar sin féin, i gcás go bhfuil an tionscnamh lena mbaineann ina ábhar imeachtaí breithiúnacha, is é an dáta a chuirtear deireadh leis na himeachtaí sin tús na tréimhse 5 bliana sin. I gcás tionscnaimh ar éirigh leo agus a bhfuil bearta leantacha glactha ag an gCoimisiún ina leith, is é an dáta a rinneadh an gníomh deireanach maidir leis an tionscnamh lena mbaineann tús na tréimhse 5 bliana sin.

Coinnítear sonraí a fhoilsítear ar an suíomh gréasáin ar feadh tréimhse éiginnte ama chun críocha trédhearcachta agus stairiúla. Féadfar seoltaí ríomhphoist daoine teagmhála na dtionscnamh cláraithe a scriosadh nuair a fhaigheann an Coimisiún amach nach bhfuil na seoltaí ríomhphoist sin in úsáid a thuilleadh.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise a úsáideann an Coimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, agus leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go mbeadh rochtain neamhúdaraithe orthu, lena gcuirtear san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tá na sonraí ar fad ar fáil laistigh den Choimisiún do na baill foirne údaraithe sin atá freagrach as Clár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhainistiú chomh maith leo siúd a bhfuil baint acu le bearta leantacha a dhéanamh i dtaca leis na tionscnaimh, agus do bhaill foirne údaraithe an Choimisiúin de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta agus, nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Tá roinnt sonraí pearsanta ar fáil don phobal trína bhfoilsiú ar láithreán gréasáin an tionscnaimh lena mbaineann i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Baineann sé sin leis na nithe seo a leanas:

  • Ainmneacha na gcomhaltaí atá i ngrúpa d'eagraithe gach tionscnaimh atá cláraithe, chomh maith le seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála (ionadaithe agus ionadaithe malartacha),
  • Ainm an ionadaí agus ainm an ionadaí mhalartaigh atá san áireamh sna cinntí maidir le clárú na dtionscnamh (cinntí maidir leis an gclárú a dhiúltú san áireamh),
  • Féadfar seoltaí ríomhphoist oifigeach náisiúnta inaitheanta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, i gcás ina gcuireann na Ballstáit lena mbaineann na seoltaí ríomhphoist sin ar fáil mar chuid de shonraí teagmhála a n-údarás ábhartha, agus sa chás sin amháin,
  • Ar iarraidh shainráite ó na heagraithe agus tar éis dó fianaise a chur i láthair maidir le toiliú sainráite an duine sin le foilsiú, ainmneacha na n-urraitheoirí, i gcás gur daoine nádúrtha iad.

8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Leis an Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh tugtar na cearta seo a leanas duit:

  • Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh, bunaithe ar chúiseanna dosháraithe dlisteanacha a bhaineann go sonrach le do chás féin, in aghaidh foilsiú d'ainm agus do sheoladh ríomhphoist i do cháil mar eagraithe tionscnaimh.
  • Tá tú i dteideal a iarraidh go mbainfear do shonraí ón gclár ar líne atá ag an gCoimisiún, tar éis dul in éag do thréimhse dhá bhliain ó dháta cláraithe an tionscnaimh bheartaithe ó na saoránaigh.

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagal 14 go hAirteagal 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe:

  • Tá an ceart agat rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta agus iad a cheartú i gcás ina bhfuil siad míchruinn nó neamhiomlán. I gcásanna áirithe, tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agus agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart agat maidir le hiniomparthacht sonraí.
  • Agus tú ag gníomhú i gcáil phearsanta mar urraitheoir a bhfuil toiliú tugtha aige go bhfoilseofar do shonraí pearsanta ar shuíomh gréasáin poiblí Chlár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Oibriúcháin Sonraí nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríocht phróiseála shonrach amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarraidh.

Láimhseálfar aon iarraidh ar rochtain ar shonraí pearsanta laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil. Iarraidh d’aon sórt eile a luaitear thuas, is laistigh de 15 lá oibre a dhéileálfar léi.

9. Sonraí teagmhála

An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a thíolacadh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Oibriúcháin Sonraí ag:

an Coimisiún Eorpach

Ardrúnaíocht

Stiúrthóireacht A ‘Straitéis, Rialáil Fheabhsaithe & Rialachas Corparáideach’

Aonad A.1 ‘Tosaíochtaí Beartais & Clár Oibre’

B – 1049 An Bhruiséil

Teil. +32 2 29 92165

Ríomhphost: SG-ECI-INFO@ec.europa.eu

Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis ag edps@edps.europa.eu). Má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

10. Tuilleadh eolais

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir a dhéanann an Coimisiún maidir le sonraí pearsanta, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl don Oifigeach. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Áirítear an oibríocht phróiseála shonrach sin ar chlár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00068

Tá faisnéis ghinearálta maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs chur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le fáil ag:

https://citizens-initiative.europa.eu/how-it-works/data-protection_ga

11. Faisnéis bhreise

Sonraí pearsanta na n-urraí a phróiseáil i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh 

I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, tá de cheangal ar an ngrúpa d’eagraithe an fhaisnéis a thabhairt maidir le foinsí maoinithe agus tacaíochta dá dtionscnamh ar mó iad ná €500 in aghaidh an urraitheora lena foilsiú i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (agus an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go córasach). I gcás gur daoine nádúrtha a thugann tacaíocht don tionscnamh, beidh ainmneacha na n-ábhar sonraí lena mbaineann san fhaisnéis seo. 

A mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha atá ag gníomhú mar urraitheoirí (ábhair sonraí), ní fhoilseoidh an Coimisiún, mar phrionsabal, aon sonraí pearsanta, agus ní fhoilseoidh sé ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ach faisnéis chomhiomlánaithe faoi chatagóir chineálach ‘daoine nádúrtha ag gníomhú mar urraitheoirí’ mar aon leis na méideanna a bhailítear uathu. Ní fhoilseoidh an Coimisiún ainm urraitheora aonair feadh na suime arna soláthar ach amháin arna iarraidh sin go sainráite do na heagraithe agus arna cur i láthair acu maidir leis an bhfianaise gur thoiligh an duine aonair sin go sainráite leis an bhfoilsiú. I gcásanna den sórt sin, tá sé de cheart ag na hábhair sonraí a dtoiliú a tharraingt siar tráth ar bith, mar a shonraítear faoi Cheannteideal 8 thuas.

Faisnéis bhreise – an ráiteas príobháideachais a bhí i bhfeidhm roimhe seo

Ní chumhdaíonn an ráiteas príobháideachais seo gnéithe a bhaineann go sonrach le sonraí pearsanta a phróiseáil faoin gcéad Rialachán maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (Rialachán (AE) Uimh. 211/2011), gnéithe a d'fheadfadh a bheith difriúil leis na gnéithe atá ann faoi láthair. Féadfar sonraí den sórt sin a phróiseáil agus/nó a fhoilsiú fós i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Féadfar teacht ar an ráiteas príobháideachais a bhí i bhfeidhm roimhe seo, lena mbaineann na hoibríochtaí próiseála sonraí sin, ag: 

https://europa.eu/citizens-initiative/privacy-policy  

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?