Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Beartas príobháideachais maidir leis an bhFeachtas Cumarsáide TES

Tugtar eolas faoi phróiseáil agus faoi chosaint do shonraí pearsanta sa ráiteas príobháideachais maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES).

An oibríocht phróiseála: Feachtas Cumarsáide TES

Rialaitheoir Sonraí: An Coimisiún Eorpach, Ard-Rúnaíocht, Aonad SG.C.1 ‘Clár Oibre agus Fadbhreathnaitheacht’

Rialaitheoir(í) Comhpháirteach(a): Meta Platforms Ireland Limited, a oibríonn Facebook agus Instagram

Tagairt taifid: DPR-EC-09286

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad arna dtabhairt a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an dóigh a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat ó thaobh do shonraí pearsanta de. Sainítear ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí/an Rialaitheora Chomhpháirtigh nó na Rialaitheoirí Comhpháirteacha atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. 

Cuirtear i láthair thíos an t-eolas a bhaineann leis an oibríocht phróiseála ‘Feachtas Cumarsáide TES’ a dhéanann Aonad C.1 d’Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh (Aonad SG.C.1).

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Is é an Coimisiún Eorpach atá i mbun an ‘Fheachtais Cumarsáide TES’ i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Is é an cuspóir atá leis ‘feasacht a ardú i measc an phobail gurb ann don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, agus faoi na cuspóirí a ghabhann leis agus a fheidhmiú (...) agus ar an gcaoi sin, (...) rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a chur chun cinn.’

Próiseáil le haghaidh gníomhaíochtaí teagmhála agus rannpháirtíochta

Is é is aidhm do bhailiú do shonraí teagmhála mar pháirtithe leasmhara TES nó mar shaoránaigh eile a chuireann spéis ann (mionaoisigh san áireamh) arna dhéanamh ag Aonad SG.C.1, agus don phróiseáil a dhéanann sé orthu, go mbeifear in ann cuireadh a thabhairt duit páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eile san Fheachtas Cumarsáide TES, ar nós comhairliúcháin spriocdhírithe, comórtais físeán nó gníomhaíochtaí rannpháirtíochta eile, an rannpháirtíocht in imeachtaí mar chainteoirí, thú a aibhsiú in ábhair bholscaireachta agus in ábhar closamhairc, etc. Chuige sin, próiseálann Aonad SG.A.1 sonraí teagmhála na bpáirtithe leasmhara TES ábhartha agus na saoránach a chuireann spéis ann.

I mbunús na gcásanna, próiseáiltear do shonraí teagmhála i ndiaidh próiseáil níos luaithe nó mar chuid den phróiseáil sin i gcomhthéacs ceann de na hoibríochtaí próiseála eile atá ábhartha i gcomhthéacs an Fheachtais Cumarsáide TES, go háirithe:

  • Más eagraí TES thú nó más oifigeach thú ó na húdaráis náisiúnta atá bainteach le cur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, déantar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs thaifead próiseála sonraí DPR-EC-00068 an Choimisiúin.
  • Más ambasadóir TES thú nó má sholáthair tú fianaise aonair ar do thaithí leis an TES nó ábhar closamhairc i gcomhthéacs comórtas físeáin nó gníomhaíochtaí rannpháirtíochta eile, déantar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs thaifead próiseála sonraí DPR-EC-09286 an Choimisiúin agus ráiteas príobháideachais na gníomhaíochta rannpháirtíochta faoi leith lena mbaineann.
  • Má ghlac tú páirt in imeacht cumarsáide TES mar chainteoir – déantar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs thaifead próiseála sonraí DPR-EC-01063 an Choimisiúin agus ráitis phríobháideachais an imeachta faoi leith lena mbaineann.
  • Má ghlac tú páirt i gcomhairliúchán spriocdhírithe i gcomhthéacs TES, déantar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs thaifead próiseála sonraí DPR-EC-01011 an Choimisiúin agus ráitis phríobháideachais an chomhairliúcháin faoi leith lena mbaineann.
  • Má tá teagmháil réamhghníomhach déanta agat leis an gCoimisiún maidir le hábhar a bhaineann le TES, déantar do shonraí a phróiseáil i gcomhthéacs thaifead próiseála sonraí DPR-EC-01386 an Choimisiúin.

Aon phróiseáil den chineál sin le haghaidh na gcuspóirí thuasluaite, bíonn sí faoi réir ráiteas sonrach príobháideachais ábhartha i gcónaí, agus, i gcás inarb infheidhme, faoi réir toiliú sonrach uaitse.

Is féidir, freisin, gur aithin an Coimisiún nó a chonraitheoirí (ina gcáil mar phróiseálaithe sonraí i gcás inarb infheidhme) thú mar dhuine a d’fhéadfadh a bheith ina pháirtí leasmhar TES ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó bhunachair sonraí oifigiúla ábhartha nó ó bhunachair sonraí ábhartha de chuid an Choimisiúin, ó chaidrimh áitiúla gníomhaireachtaí nó de chuid an Choimisiúin arb ann dóibh cheana, nó ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí.

Próiseáil trí fhógraí ar íocadh astu

Mar chuid d’Fheachtas Cumarsáide TES, bainimid úsáid freisin as fógraíocht ar íocadh aisti ar líne ar ardáin meán sóisialta, amhail Instagram, Facebook, YouTube agus LinkedIn, agus bainimid úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chuige sin chun a chur in iúl gurb ann don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus chun feasacht an phobail a mhúscailt maidir lena chuspóirí agus maidir lena fheidhmiú. Níl bailiú sonraí pearsanta arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gceist le cur chun cinn an TES trí na meáin shóisialta. 

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

De réir Airteagal 18(1) de Rialachán TES, ‘Déanfaidh an Coimisiún feasacht a ardú i measc an phobail gurb ann don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, agus faoi na cuspóirí a ghabhann leis agus faoina fheidhmiú, trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus feachtais faisnéise, agus ar an gcaoi sin, déanfaidh sé rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a chur chun cinn.’

Luaitear an méid seo a leanas in Aithris 33 de Rialachán TES: ‘Chun rannchuidiú le rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach i saol polaitiúil an Aontais a spreagadh, ba cheart don Choimisiún feasacht phoiblí a mhúscailt maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, ag baint úsáid, go háirithe, as teicneolaíochtaí digiteacha agus na meáin shóisialta, agus faoi chuimsiú gníomhaíochtaí chun saoránacht an Aontais agus cearta na saoránach a chur chun cinn.’ 

Sa chomhthéacs sin, bailiú agus próiseáil sonraí teagmhála na bpáirtithe leasmhara TES ábhartha, chomh maith le próiseáil do shonraí pearsanta trí fhógraí a n-íoctar astu, tá an méid sin bunaithe ar Airteagal 5(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/1725 toisc go meastar go bhfuil gá leis chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais. 

Úsáidtear fógraí a n-íoctar astu ar ardáin na meán sóisialta chun feasacht na saoránach ar an TES a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 18 agus Aithris 33 de Rialachán TES. Is gá an phróiseáil sin a dhéanamh chun leas an phobail a chur chun cinn, agus díriú go hiomlán ar eolas a scaipeadh trí fhógraí ceannaithe, gan sonraí pearsanta a bhailiú go díreach ná rochtain a bheith ag an gCoimisiún ar shonraí pearsanta úsáideoirí meán sóisialta.

D’fhéadfadh sé go mbeadh toiliú sonrach ón ábhar sonraí lena mbaineann de dhíth, i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725, le haghaidh próiseáil áirithe atá ábhartha i gcomhthéacs an Fheachtais Cumarsáide TES. Áirítear ar phróiseáil den sórt sin teistiméireachtaí aonair a bhailiú, ábhar closamhairc agus ábhair fógraíochta agus oiliúna TES a chruthú ina bhfuil na teistiméireachtaí nó an t-ábhar sin agus rannpháirtíocht ambasadóirí TES chun luachanna agus teachtaireachtaí TES a chur chun cinn ar an láthair i mBallstáit an Aontais nó ar leibhéal an Aontais. 

4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid a thuilleadh?

I gcás gníomhaíochtaí teagmhála agus rannpháirtíochta

Chun cuireadh a thabhairt duit páirt a ghlacadh in imeacht cumarsáide, comórtas físeán nó gníomhaíocht rannpháirtíochta eile de chuid TES, nó i suirbhé comhairliúcháin spriocdhírithe TES, is féidir linn na sonraí seo a leanas a phróiseáil: sonraí teagmhála a fuarthas uait, nó a fhaightear ó bhunachair sonraí ábhartha oifigiúla nó ó bhunachair sonraí ábhartha de chuid an Choimisiúin, ó chaidrimh áitiúla gníomhaireachtaí nó de chuid an Choimisiúin arb ann dóibh cheana, nó ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, go háirithe ainm, sloinne, teideal poist/feidhme, ainm na heagraíochta/an tionscnaimh (más eagraí TES thú), leasanna, sainroghanna náisiúntachta/teanga, uimhir ghutháin, seoladh ríomhphoist, glór agus íomhá arna dtaifeadadh i bhformáidí fuaime agus físeáin agus i ngrianghraif/íomhánna.

Má thoilíonn tú comhoibriú linn mar ambasadóir TES, próiseálfaimid na nithe seo a leanas i dteannta na sonraí atá liostaithe thuas: measúnuithe an Choimisiúin agus na bpróiseálaithe a bhí faoi deara do roghnaithe mar ambasadóir TES, cairt na n-ambasadóirí TES arna síniú, nótaí gearra beathaisnéise, agus glór agus íomhánna a taifeadadh i bhformáid fuaime agus físe agus grianghraif/íomhánna, barúlacha agus tuairimí a bhí ina gcuid den idirphlé idir tú féin agus an Coimisiún agus a phróiseálaithe, d’ainmneacha úsáideora ar na meáin shóisialta, tuairiscí ó na gníomhaíochtaí meán sóisialta agus gníomhaíochtaí caidrimh phoiblí eile a chuir na próiseálaithe ar bun ar bhonn an eolais atá ar fáil go poiblí nó an eolais a chuir tú ar fáil go díreach.

Má thoilíonn tú teistiméireacht aonair a sholáthar maidir le do thaithí le TES mar chuid den Fheachtas Cumarsáide TES, próiseálfaimid freisin nótaí gearra beathaisnéise, glór agus íomhá a taifeadadh i bhformáidí fuaime agus físeáin agus i ngrianghraif/íomhánna, aois, inscne, leasanna, sainroghanna náisiúntachta/teanga, uimhir ghutháin, seoladh ríomhphoist, ainmneacha úsáideora cuntas meán sóisialta; barúlacha agus tuairimí a bhí ina gcuid den idirphlé idir tú féin agus an Coimisiún agus a phróiseálaithe. 

I gcás fógraí a n-íoctar astu

Is féidir leis an gCoimisiún agus lena phróiseálaithe paraiméadair nó critéir theoranta áirithe a roghnú (amhail aoisghrúpa, limistéar geografach, leasanna ábhartha, i gcás inarb iomchuí) le haghaidh gach feachtais fógraíochta, bunaithe ar na roghanna a chuireann na hardáin meán sóisialta ar fáil. Mar sin féin, ní bhailíonn an Coimisiún ná a phróiseálaithe aon sonraí pearsanta de chuid úsáideoirí na meán sóisialta, ná níl rochtain acu ar na sonraí sin. Ní phróiseálann an Rialaitheoir Oibriúcháin aon chatagóir speisialta sonraí pearsanta trí fhógraíocht ar na meáin shóisialta.

Maidir leis na hardáin meán sóisialta sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs na fógraíochta spriocdhírithe, féach a mbeartais phríobháideachais faoi seach:

5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

I gcás gníomhaíochtaí teagmhála agus rannpháirtíochta

Coinníonn Aonad SG.C.1 do shonraí teagmhála ar feadh na tréimhse ama is gá chun cuspóir a mbailithe nó a bpróiseála a thuilleadh a chur i gcrích, is é sin ar feadh uastréimhse 5 bliana ó bhailítear iad nó ón teagmháil dheireanach a rinne tusa leis an gCoimisiún i gcomhthéacs an TES, cibé acu is déanaí. Scriosfar na sonraí roimhe sin, áfach, i gcás ina gcuireann tú in iúl dúinn nach mbeidh tú i do theagmhálaí ábhartha TES a thuilleadh (má athraíonn tú post, mar shampla). 

Coinnítear taifeadtaí na dteistiméireachtaí aonair, mar a bhailítear iad, ar feadh uastréimhse 3 bliana ó dháta a mbailithe. Coinnítear doiciméid (tuarascálacha, comhfhreagras, faisnéis airgeadais, etc.) ina bhfuil sonraí pearsanta agus a bailíodh nó a táirgeadh i gcomhthéacs thaifeadadh na dteistiméireachtaí aonair ar feadh uastréimhse 10 mbliana óna mbailithe nó óna dtáirgthe. Ábhar bolscaireachta, closamhairc nó oiliúna a foilsíodh, coimeádtar é ar feadh tréimhse éiginnte.

I gcás fógraí a n-íoctar astu

Maidir le fógraí a n-íoctar astu ar ardáin meán sóisialta, ní bhailíonn an Coimisiún ná a phróiseálaithe aon sonraí pearsanta ó úsáideoirí meán sóisialta, agus dá bhrí sin níl feidhm ag aon choinneáil sonraí pearsanta sa chomhthéacs sin.

Tabhair faoi deara go mbíonn feidhm ag tréimhsí coimeádta eile maidir le próiseáil do shonraí pearsanta i gcomhthéacs oibríochtaí próiseála eile a chuirtear leis an bhFeachtas Cumarsáide TES i gcomhréir leis na ráitis phríobháideachais ábhartha.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

I gcás gníomhaíochtaí teagmhála agus rannpháirtíochta

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, ábhar closamhairc, etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí (ina gcáil mar phróiseálaithe). Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin, ina gcáil mar phróiseálaithe, faoi cheangal clásail chonarthaigh shonraigh maidir le hoibríochtaí próiseála ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679). Na freastalaithe ar a bpróiseálann agus ar a stórálann GOPA COM agus Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach a mbunachair shonraí, is san Aontas Eorpach atá siad lonnaithe agus ann amháin.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le cúrsaí slándála ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus leis na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla atá ann, tá rochtain ar na sonraí pearsanta a theorannú ionas nach mbíonn rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil riachtanas eolais dlisteanach acu chun críocha na hoibríochta próiseála sin.

I gcás fógraí a n-íoctar astu

Maidir le fógraí a n-íoctar astu ar ardáin meán sóisialta, cuireann na hardáin a mbearta slándála féin i bhfeidhm agus is iad atá freagrach as sláine agus rúndacht sonraí a chinntiú. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na bearta slándála a chuireann ardáin meán sóisialta i bhfeidhm, féach a mbeartais phríobháideachais mar atá liostaithe i roinn 4.  

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

I gcás gníomhaíochtaí teagmhála agus rannpháirtíochta

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’, agus do bhaill foirne údaraithe conraitheoirí ina gcáil mar phróiseálaithe sonraí (GOPA COM agus Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach). Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le hoibleagáidí reachtúla rúndachta, agus le comhaontuithe breise rúndachta nuair is gá. 

Feadfaimid do shonraí teagmhála atá ar fáil go poiblí a chomhroinnt le páirtithe leasmhara eile de chuid TES. 

I gcás fógraí a n-íoctar astu

I gcás fógraí a n-íoctar astu ar ardáin meán sóisialta, níl rochtain ag foireann an Rialaitheora Sonraí ná ag a phróiseálaí (GOPA COM) ar shonraí pearsanta úsáideoirí na meán sóisialta.

Is i gcomhréir lena mbeartais phríobháideachais a bhailíonn agus a phróiseálann na hardáin meán sóisialta sonraí pearsanta.

8. Cé na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Rialachán (AE) 2016/679 (RGCS), is é sin an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán, agus i gcás inarb infheidhme, an ceart chun léirscriosadh do shonraí pearsanta a iarraidh, chun srian a chur le próiseáil do shonraí pearsanta, agus an ceart chun iniomparthachta sonraí. 

Tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, agóid a dhéantar go dleathach de bhun Airteagal 5(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/1725. 

Sa mhéid gur thug tú toiliú maidir le próiseáil do shonraí pearsanta arna déanamh ag an Rialaitheoir Sonraí le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha, is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh tarraingt siar an toilithe difear do dhleathacht na próiseála a rinneadh sular tarraingíodh siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí nó an Rialaitheoir Comhpháirteach/na Rialaitheoirí Comhpháirteacha, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi rannán 9 thíos. 

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairt(í) taifid mar atá sonraithe faoi rannán 10 thíos) i d’iarratas.

9. Eolas teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, an Coimisiún Eorpach, an Ard-Rúnaíocht, Aonad SG.C.1 ‘Clár Oibre agus Fadbhreathnaitheacht’: SG-ECI-mailingatec [dot] europa [dot] eu (SG-ECI-mailing[at]ec[dot]europa[dot]eu) 

  • Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICERatec [dot] europa [dot] eu (DATA-PROTECTION-OFFICER[at]ec[dot]europa[dot]eu)) maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (edpsatedps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)), i.e. gearán a dhéanamh leis, má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar an rialaitheoir sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil.

  • Ardán meán sóisialta ábhartha

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2016/679, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh maidir leis an ardán meán sóisialta ábhartha do shonraí pearsanta a bhailiú agus a úsáid, déan teagmháil leis an ardán meán sóisialta ábhartha sin nó lena Oifigeach Cosanta Sonraí. 

Ag brath ar an ardán meán sóisialta ar ar ceannaíodh an fógra agus ar a bhfaca tú é, d’fhéadfadh Facebook, Instagram, YouTube nó LinkedIn a bheith i gceist. Chun sonraí teagmhála na n-ardán meán sóisialta sin agus sonraí teagmhála a nOifigeach Cosanta Sonraí a fháil, féach a mbeartais phríobháideachais faoi seach mar atá liostaithe i roinn 4.

 

10. Cá háit a bhfuil eolas níos mionsonraithe le fáil?

Foilsíonn an Coimisiún clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl do DPO. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: https://ec.europa.eu/dpo-register.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil leis: DPR-EC-09286.

Footer banner
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?