Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 14

Téigh siar chuig príomhleathanach na Treorach maidir le Cosaint Sonraí do na heagraithe

 

Treoir maidir le Cosaint Sonraí - Ceist 14

Na ráitis tacaíochta bhailithe a thíolacadh faoi bhráid na mBallstát lena bhfíorú – cad iad na moltaí slándála?

Is le Cás 2 a bhaineann sé nuair is ar do chonlán féin a dhéanann tú na ráitis tacaíochta a thíolacadh

Tar éis na ráitis tacaíochta a bhailiú ar páipéar, ní mór duit iad a thíolacadh do na húdaráis náisiúnta inniúla le haghaidh fíorúcháin agus deimhniúcháin.

D’fhéadfaí ráitis tacaíochta a bailíodh ar páipéar a thíolacadh ar páipéar ach d’fhéadfaí iad a scanadh freisin agus a thíolacadh trí tharchur leictreonach nó go fisiciúil, mar DVD cuir i gcás. Más i bhfoirm fhisiciúil a thíolactar na ráitis tacaíochta (ar páipéar nó mar DVD), is gá sin a dhéanamh ar bhealach slán freisin, e.g. iad a chur tríd an bpost cláraithe nó iad a sheachadadh le cúiréir.

TABHAIR DO D’AIRE:

Féadfaidh tú rogha a dhéanamh ráitis tacaíochta a bailíodh a thíolacadh trí úsáid a bhaint as seirbhís malartaithe comhad an Choimisiúin. I gcás den sórt sin, is é an Coimisiún a chuirfidh cuid shubstaintiúil de na ceanglais slándála ábhartha chun feidhme.

Tagairtí:

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?