Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An bhféadfadh do smaoineamh a bheith ina thionscnamh ó na saoránaigh?

Learn whether your idea can be a European citizens' initiative (ECI)

Le tuairim a fháil an bhféadfadh do smaoineamh a bheith ina thionscnamh ó na saoránaigh, ní mór duit a sheiceáil go mbaineann sé le réimse beartais ina bhfuil inniúlacht ag an Aontas Eorpach agus go bhfuil cumhacht ag an gCoimisiún, sa réimse beartais sin, togra le haghaidh gníomh dlí a chur isteach.

Ar an bhfaisnéis a theastaíonn chun do thionscnamh a chlárú, beidh ort an fhoráil/na forálacha de na Conarthaí (airteagal nó tagairt níos leithne) a mheasann tú a bheith ábhartha don bheart atá á mholadh agaibh a thabhairt le fios.

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomh dlí a mholadh más rud é:

  • go dtagraíonn an t-airteagal atá sa Chonradh do nós imeachta reachtach ("gnáthnós imeachta reachtach" nó "nós imeachta reachtach speisialta"), seachas i sainchásanna ina bhforáiltear a mhalairt leis an airteagal (i.e. go luann sé go sainiúil gur institiúid eile seachas an Coimisiún a dhéanann an togra)

  • go luann an t-airteagal go soiléir gurb é an Coimisiún atá freagrach as togra a dhéanamh.
    Mar shampla: “Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún [...]".

Tuilleadh eolais uait?

 

Réimsí beartais agus na hairteagail sna Conarthaí lena mbaineann

Seiceáil an mbaineann do smaoineamh le ceann amháin nó níos mó de na réimsí beartais thíos agus léigh na hairteagail ábhartha sna Conarthaí
Réimsí beartaisNa hairteagail sna Conarthaí (CFAE*, mura bhforáiltear a mhalairt)
Talmhaíocht agus iascachAirteagail 38 – 44
An buiséadAirteagail 310 – 324
Cosaint shibhialtaAirteagal 196
IomaíochtAirteagail 101 – 109
Cosaint tomhaltóiríAirteagal 169
CultúrAirteagal 167
CustaimAirteagail 30 – 33
Forbairt agus comharAirteagail 208 – 213
Beartais gheilleagracha agus airgeadaíochtaAirteagail 119 – 144
Oideachas, oiliúint,an óige agus spórtAirteagail 165 – 166
Fostaíocht agus gnóthaí sóisialtaAirteagail 145 – 161
FuinneamhAirteagal 194
MéadúCAE * – Airteagal 49
Airteagal 212
An comhshaol agus gníomhú ar son na haeráideAirteagail 191 – 193
Trádáil sheachtrachAirteagail 206 – 207
An troid i gcoinne na calaoiseAirteagail 325
Sábháilteacht biaAirteagail 43, 168 – 169

Saorghluaiseacht:

  • Daoine
  • Seirbhísí
  • Caipiteal

 

An chabhair dhaonnúilAirteagal 214
Tionsclaíocht agus fiontraíochtAirteagal 173
Sochaí na faisnéiseAirteagail 179 – 190
An margadh inmheánach agus saorghluaiseacht earraíAirteagail 26 – 29, 114, 115

Ceartas, saoirse agus slándáil

  • Beartais maidir le seiceálacha teorann, leis an tearmann agus leis an inimirce
  • Comhar breithiúnach
  • Comhar idir póilíní

Airteagail 67 – 89

Neamh-idirdhealú agus saoránachtAirteagail 18 – 25
An tsláinte phoiblíAirteagal 168
An beartas réigiúnach – Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochachAirteagail 174 – 178, Airteagail 162 – 164
Taighde agus nuálaíochtAirteagail 179 – 190
CánachasAirteagail 110 – 113
TurasóireachtAirteagal 195
IomparAirteagail 90 – 100

* CFAE = Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CAE = Conradh ar an Aontas Eorpach

NB: Clúdaíonn an liosta sin na réimsí leathana beartais a leagtar amach i gConarthaí an Aontais agus ní gá gur liosta uileghabhálach é. Féach ar théacs iomlán na gConarthaí chun tuilleadh eolais a fháil.

Níl sa téacs thuas ach treoir le cabhrú le heagraithe ionchasacha tionscnamh ó na saoránaigh. Níl sé ceangailteach go dlíthiúil ar an gCoimisiún Eorpach. Níltear ag maíomh go bhfuil sé uileghabhálach agus ní léirmhíniú oifigiúil ar théacs na gConarthaí é.

Footer banner
Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?